Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin.

Is iontach gur fhan na hoifigigh ón Roinn linn agus go raibh an tuarascáil i nGaeilge. Déanaim comhghairdeas leo as sin. Ní tarlaíonn sé sin go minic. Bhí an Ghaeilge agus an Béarla le fáil le chéile. Ní tharlaíonn sé sin fiú amháin sa Dáil. Gabhaim buíochas leis an Roinn as ucht an bhirt sin. Níl sé léite agam fós.

Maidir le cúpla ceist, céard faoin gceistneoir? Nuair a sheol an coiste an ceistneoir i dtús tháinig sé ar ais agus bhí easnaimh ann. Tá sé sin admhaithe ag an Roinn. An é go bhfuil dul chun cinn iontach déanta anois ón tráth a chomhlánaigh an Roinn i dtús báire nó an raibh rud mícheart ann gur chomhlánaigh an Roinn amhlaidh é? Cén fáth go bhfuil an difríocht mhór ann anois?

Bhreathnaigh mé ar an bplean gníomhaíochta agus gabhaim buíochas as mar bhí míthuiscint níos luaithe maidir leis an bhfóram eile. Níl a lán cuspóirí maidir le do Roinn laistigh de anseo, ach tá cúpla ceann. Ar leathanach 51, de réir mar a fheicim sa straitéis seo, tá cúpla cuspóir i gceist.

Luaigh an Roinn dhá phost Gaeilge i réimse na luathbhlianta. An líonfar an dá phost sin an bhliain seo chugainn? An bhfuil an Roinn cinnte go mbeidh beirt bhreise i gceist? Is é a dara ceann ná go mbunófar bunlíne thacaíochta seirbhísí agus acmhainní a bheidh ar fáil do naíonraí. Tá an spriocdháta idir 2018 agus 2022. An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt dom? An bhfuil tús curtha leis sin agus céard é stádas an chuspóra sin? Maidir leis an ngrúpa stiúrtha náisiúnta, de réir mar a thuigim ón Uasal Fay, tá tús curtha leis seo. An bhfuil an grúpa stiúrtha ag feidhmiú faoi láthair agus an bhfuil tuarascálacha idir lámha aige? An féidir sonraí a thabhairt faoi na trí chuspóir sin? Maidir leis an gceann maidir le tuismitheoirí, tá cuspóir faoi leith ansin ar an leathanach céanna. Bheinn buíoch freagra a fháil ón Roinn maidir leis na cuspóirí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.