Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tosóidh mé leis an bpointe deireanach a d'ardaigh an tUasal Fay, is é sin an fóram a rinne sé tagairt dó. Tá fochoiste ag baint le fóram na luathbhlianta seo ina bhfuil ionadaí ó Foras na Gaeilge, Gaeloideachas, Údarás na Gaeltachta agus trí Ranna Rialtais atá ceangailte leis an fhoghrúpa sin. Más sin an obair atá i gceist tá cúpla ceist agam faoi sin.

Cuirim fáilte roimh an fhothghrúpa sin agus tá a fhios agam gur bhunaigh an tAire an grúpa sin. Cá mhéad cruinniú a bhí ag an fhoghrúpa sin go dtí seo? Rinne an tUasal Fay tagairt do phlean. An dtiocfaidh an plean sin amach as obair an fhoghrúpa seo agus cad iad na príomhmholtaí atá déanta ag an fhogrúpa sin i dtaca le luathoideachas nó seirbhís cúram leanaí trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht?

Tagraím don méid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív. Tá an Roinn ag cur airgead ar fáil thar cheann an Stáit do pháistí óige faoi chúig bliana d'aois. An bhfuil airgead sa bhreis ar fáil do naíonraí nó don luathoideachas go ginearálta nuair atá seirbhís trí mheán na Gaeilge á cur ar fáil ag an ionad sin? An bhfuil tacaíocht sa bhreis ar fáil sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht go sonrach? Muna bhfuil, cén fáth nach bhfuil airgead sa bhreis ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.