Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom díriú ar mhórcheist polasaí. Sula ndíreoidh mé air sin, déarfaidh mé gurb é an tuiscint atá ag teangeolaithe ná go bhfuil sé an-éasca ag gasúir óga teangacha a fhoghlaim. An gasúr a shaolaítear faoin aois dhá bhliain, bíonn teanga aige nó aici, agus i gcás go bhfuil dhá theanga timpeall orthu, bíonn dhá thugtha leo go nádúrtha. Is é nádúr an gasúr teanga a fhoghlaim. Ní nádúr duine fásta teanga a fhoghlaim. Tá dua aisteach ag baint leis dóibh agus caithfidh mé a rá go gcreidim go gcuirimid go leor am amú ag caint ar Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana féin. Is fíorbheagán daoine a thugann teanga leo go beacht, go cruinn agus go líofa nuair a théimid in aois. Tá daoine ann a dhéanann é ach is mionlach iad. Tá rud amháin a dhéanann gach uile ghasúr, aird bheag agus is cuma cén áit ar domhan, agus is é sin go dtugann siad teanga leo.

Is cuimhin duine a rá liom, uair amháin, go ndeachaigh siad isteach i siopa agus bhí gasúr acu. Chuireadar ar an gcuntar é agus bhíodar ag labhairt Gaeilge leis an ngasúr. Dúirt an duine sa siopa go raibh an gasúr sin an-smarteáilte ós rud é go raibh sé in ann Gaeilge a labhairt. D'fhreagair an mháthair dá labhrófaí Sínis leis an ngasúr, labhródh sé Sínis ar ais. Is cuma cén teanga, fiú an teanga is deacra ar domhan dúinne, níl fadhb ar bith ag an ngasúr. Is bronntanas é do ghasúr teangacha a thabhairt leo.

Tá ceist atá agamsa a bhaineann leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, áit a bhí go leor inti faoin luathoideachas trí Ghaeilge. Bhí dhá mhír ann: oideachais trí mheán na Gaeilge agus luathoideachas, mar shampla, na naíonraí. Bhí rud eile luaite ann, is é sin go mbeadh Gaeilge istigh sna naíonraí ar fad agus go dtabharfadh spreagadh, cúnamh agus tacaíocht do gach uile naíonra sa tír a bhí ag fáil airgead Stáit agus go dtabharfaí an bronntanas seo go gasúir, mar is bronntanas atá ann, is é sin an dara teanga. An cheist atá agam ná an bhfuil polasaí ag an Roinn an bronntanas sin a bhronnadh ar ghasúir iomlána na tíre?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.