Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas do na finnéithe as teacht agus as an gcur i láthair. Tá roinnt ábhair gur mhaith liom a phlé leo. Ar dtús, díreoimid isteach ar an dul chun cinn atá déanta maidir le na preasráitis éagsúla. Tá ardú ó 10% go dtí thart ar 20% agus is maith an rud é go bhfuil an feabhas sin ann. Conas a roghnaíonn an Roinn na preasráitis a bheidh á scaoileadh go dhátheangach? An iad na preasráitis a bhaineann le chúrsaí Gaolainne agus Gaeltachta nó an iad na cinn mór le rá?

Chonaiceamar inné go raibh fógra mór á dhéanamh mar gheall ar chúrsaí cúram leanaí. De réir an Aire, ceann de na hathruithe is mó le blianta a bhí ann. An raibh an preasráiteas sin dhátheangach? Ar leag an plean aon bhéim faoi leith ar an nGaolainn amach anseo?

Tagraím do oifigigh Gaolainne. An bhfuil oifigeach Gaolainne sa Roinn agus má tá, cé chomh sinsear nó sóisear a bhfuil an post sin? An duine den fhoireann sinsearach atá i gceist mar cheannaire atá ag stiúradh cúrsaí Gaolainne sa Roinn nó an bhfuil an post roinnte? An bhfuil sé tarraingthe anonn agus anall le hábhair eile nó an bhfuil sé dírithe ar chúrsaí Gaolainne?

Tá roinnt plé déanta cheana mar gheall ar an gcigireacht, na hionaid chúram leanaí agus na naíonraí ach teastaíonn uaim díriú isteach anseo chomh maith mar luadh go raibh thart ar 57 cigire ann. Leis an ábhar seo go háirithe, nuair a thagann an cigire go dtí an naíonra, seo na húdaráis ag teacht isteach agus aithníonn na páistí é sin nuair a fheiceann siad duine ag teacht ón taobh amuigh. B'fhéidir go bhfuil sé ag déanamh a ghnó as Béarla agus seolann sé sin teachtaireacht an-láidir chuig na páistí sa naíonra. Deireann sé leo go soiléir go bhfuil tuairim eile ar fad ag na húdaráis. Mar sin, tá sé an-tábhachtach ar fad go mbeadh na cigirí ábalta a ghnó san iomlán a dhéanamh trí Ghaolainn nuair a bhfuil siad ag teacht agus ag plé leis na páistí nó leis an bhfoireann san ionad. Deirtear linn go bhfuil thart ar 57 cigirí ar fáil chuige sin, ach níl sé soiléir cé mhéad de na cigirí sin atá ag obair trí Ghaolainn. An é nach bhfuil an Roinn ag bailiú an eolais sin nó an é nach bhfuil sé ar fáil inniu agus go mbeidh an Roinn ábalta é a chur ar fáil dúinn amach anseo? Ba mhaith liom a fháil amach go díreach cé mhéad de na cigirí sin atá ag obair trí Ghaolainn agus trí Bhéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.