Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ag teacht ar ais ar an gcéad cheist ar an gcigireacht, sin ceann de na príomháiteanna ar cóir a dhíriú isteach air. Mura bhfuil an teanga Gaeilge líofa ag cigire tá sé an-deacair ar pháiste atá tógtha le Gaeilge a bheith ag casadh ar Bhéarla, áit nach bhfuil na focail acu. Tógadh mise sa chathair seo agus Béarla a bhí timpeall orm agus is í an Ghaeilge an chéad teanga a bhí agam. Is cuimhin liom fós a bheith i siopa sa chathair seo ag aois seacht mbliana agus gan na focail Bhéarla a bheith agam chun rudaí a cheannach sa siopa sin. B'shin san ardchathair. Níor tógadh sa Ghaeltacht mé, áit a mbeadh gach uile rud ag tarlú timpeall orm trí Ghaeilge. Ní raibh ach mo chlann féin le Gaeilge. Bhí mé ar scoil Gaeilge agus gach rud eile. Mura raibh na focail ag an duine bhí sé deacair. Bhí mé istigh i siopa, mar is cuimhin liom, ag lorg claíomh agus bhí úinéir an tsiopa ag féachaint orm ag rá: "What are you on about, son, what do you want?" Dúirt mé go raibh mé ag lorg an claímh: "I want the sword" a dúirt mé i ndeireadh thiar, ach ní raibh an focal agam. Claíomh a thug mé air. Nuair atá duine ag déileáil le ceisteanna chomh deacair is atá sa chás seo, baineann sé le cosaint agus le forbairt páistí.

Bíonn sé deacair ar pháistí uaireanta déileáil leis na ceisteanna teibí seo in aon teanga ach má tá orthu athrú go dtí teanga nach bhfuil go hiomlán ar a gcumas, déanann sé é níos deacra. Impím ar an Roinn díriú isteach ar an gcigireacht ach go háirithe mar muna bhfuil sé sin i gceart déanfaidh sé é i bhfad níos deacra ar ár bpáistí amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.