Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ar an iomlán, tugann an Rialtas maoiniú do 228 seirbhís a aithníonn iad féin mar naíonraí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. An bhfuil aon rialacha ag an Roinn maidir le naíonraí a aithint agus an bhfuil aon choinníollacha teanga i bhfeidhm?

Tacaíonn an scéim deontais le clubanna óige áitiúla le gníomhaíochtaí clubanna grúpa óige faoi stiúir oibrithe deonacha ar leibhéal áitiúla. An bhfuil cuid den mhaoiniú a chuireadh ar fáil don scéim seo curtha i leataobh do chlubanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge?

Tá an t-aonad um chumarsáid agus rialachas corpoideachas sa Roinn freagrach as Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, á chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air. An bhfuil Gaeilge ag na daoine atá ag obair san aonad sin? An bhfuil aon duine fostaithe mar oifigeach Gaeilge a bhfuil freagracht ar leith maidir le seirbhísí Ghaeilge aige nó aici sa Roinn? Cén sort tuairisciú a dhéantar sa Roinn maidir le soláthar seirbhísí Ghaeilge?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.