Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na baill uilig atá i láthair. Tá Ard-Rúnaí na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige agus a chomhghleacaithe ón Roinn linn inniu. Cuirim céad míle fáilte rompu. Tá a fhios againn go bhfuil cuid acu ag streachailt leis an nGaeilge. Tuigim é sin. Is é sin an fáth go bhfuil na cluasáin ar fáil. Déanaimis ár ndícheall le chéile agus an t-ábhar thar a bheith tábhachtach seo á phlé againn. Cuirim fáilte roimh Fergal Lynch, Ard-Rúnaí na Roinne; Denis O'Sullivan, príomhoifigeach sa Roinn; Paul Fay, príomhoifigeach eile sa Roinn; agus Niamh Ní Dhómhnaill. Tá foireann mhór ón Roinn tar éis teacht go dtí an cruinniú seo agus tá fáilte rompu go léir.

I dtús báire, tá orm fógra le léamh maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh 2009. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, na finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo. Fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Tá mo chuid déanta. Tá sé deacair an méid sin a léamh. Iarraim ar Fergal Lynch tús a chur leis an gcur i láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.