Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:45 pm

Ms Siubhán Nic Grianna:

Tá sé tábhachtach a rá fosta, a Chathaoirligh, nuair a chuirtear san áireamh go mbeidh 26 phlean teanga atá go hiomlán bunaithe ar mhianta an phobail, agus go bhfuil eagraíocht ón earnáil ag tacú leis na pobail chun na pleananna sin a fheidhmiú ar an talamh. Táimid i spás agus in áit i bhfad níos láidre anois ná mar a bhí le fada chun tacú leis na pobail sin an Ghaeilge a chothú agus a shealbhú do na glúine atá amach rompu. Luaim ansin na tacaíochtaí breise atá ceadaithe, ar nós Comhairle Naíonraí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, agus a bheidh á gceadú don óige amach anseo, atá ag cur tacaíochta anois isteach atá dírithe go iomlán ar shealbhú agus ar shaibhriú na teanga. Tá an infheistíocht shuntasach atá á déanamh anois ag an Stát sa teanga go díreach sna pobail féin i bhfad níos láidre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.