Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:45 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Is dócha go bhfuil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag déanamh an cháis ar na riachtanais atá acu. Bheimis ag súil go n-aithneodh daoine go bhfuil ról lárnach againn mar níl aon dabht faoi agus tá sé ráite go soiléir againn leis an ollscoil go bhfeicimid an tAcadamh mar bhunchloch lárnach dár straitéis dul chun cinn agus go bhfuil sé mar acmhainn iontach a bheith ann. Níl aon dabht faoi má bhíonn na hacmhainní curtha ar fáil dúinne go mbeimid breá sásta comhoibriú mar a rinneamar san am a chuaigh thart nuair a bhí acmhainní againn. Bhí comhpháirtíocht agus dlúthcheangail ó thaobh acmhainní a chur ar fáil d'Acadamh na hOllscolaíochta. Táimid ag cur beagán ar fáil i láthair na huaire taobh istigh de na hacmhainní atá againn. Táimid an-oscailte a bheith lárnach sa phróiseas seo a dhul chun cinn, más féidir linn teacht ar na hacmhainní.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.