Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta
6:45 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Is iontach an cur i láthair ach tá sé ráite go soiléir go bhfuil anailís bhreise i gceist agaibh maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge atá ann. Is slat tomhais thar a bheith tábhachtach é. Cén chaoi ar féidir a rá go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an Údarás?
Maidir leis an dara rud faoin mbuiséad, ní féidir glacadh nach bhfuil a dhóthain mar is céim iontach é i nGaillimh, agus is céim dul chun cinn, go bhfuil céim trí Ghaeilge agus go mbeidh seimeastar den chéad uair riamh lonnaithe i lár na Gaeltachta, i Tír Chonaill agus i gConamara. Ceapaim gur deis iontach a bheadh ann don Údarás bhur ndualgais a chomhlíonadh ar chuile leibhéal, ó thaobh na teanga de, ó thaobh cúrsaí fostaíochta, chomh maith leis na rudaí eile atá á déanamh acu.
No comments