Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:35 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Is dócha go mba mhaith leis an Ollscoil go mbeadh muid in ann a bheith páirteach ach i láthair na huaire níl an buiséad againn aon tacaíocht ar leith a thabhairt don scéim sin. Dá dtiocfadh sé san am a bheadh ár mbuiséad ag méadú, bheadh sé mar sprioc againn agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeadh muid páirteach. Táimid thar a bheith sásta a bheith páirteach ach i láthair na huaire, ar an drochuair, ní bheadh muid in ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.