Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:35 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is coincheap iontach é ach tá mé ag díriú isteach mar le dhá bhliain anuas tá an-chuid eagraíochtaí agus muintir acadúla tar éis teacht os ár gcomhair ag cur in iúl go bhfuil géarchéim sna Gaeltachtaí. Thíos ag an Oireachtas fiú, rinne an Seanadóir Ó Céidigh tuarascáil faoi seo. Tá a fhios againn é ó chuile fhoinse. Ritheann ceist liom i gcónaí. An ndearna IDA Ireland nó Fiontraíocht Éireann taighde riamh ag déanamh comparáid idir an ról atá ag an Údarás, leis an t-uafás dualgas atá air, agus an méid airgid a fhaigheann sé i gcomparáid leis an dá eagraíocht sin?

Tá tagairt anseo do anailís bhreise a dhéanamh chun teacht ar bhunlíne maidir le líon reatha na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Cad atá i gceist? An bhfuil an anailís bhreise sin tosaithe? Tá sé luaite faoi bhuntáscairí feidhmíochta: go mbeidh anailís bhreise á déanamh chun teacht ar bhunlíne maidir le líon reatha na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht, ionas gur féidir gníomhú chun é seo a mhéadú go 25% faoi 2030. Tá sé sin leagtha síos so cad atá i gceist leis an anailís sin?

Tagraím d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuir an Teachta Ó Cuív tús leis seo ach faoi láthair, de réir mar a thuigim é, tá céim i ndámh na ndán trí Ghaolainn i nGaillimh ach is rud iontach é sin go bhfuil an Gaeilge agus ábhair eile ann leis an gcéim uilig trí Ghaeilge. Cé mhéad scoláirí atá ann? De réir mar a thuigim, tá breis agus 100. I mbliain áirithe, bliain uimhir a trí, beidh ar na scoláirí seimeastar iomlán a chaitheamh sa Ghaeltacht agus is rud iontach é sin leis na buntáistí a luaigh na finnéithe. Cad é ról an Údaráis ó thaobh seo go sonrach? An bhfuil sé ag cur airgead isteach nó cén ról a fheiceann sé ann?

Tagraím do na comhlachtaí. Is rud thar a bheith tábhachtach é go mbeadh fostaíocht ann mar ní bheadh aon teanga gan fhostaíocht. Bhí mé i láthair ag seoladh branda Gaeltacht na hÉireann. Tá ardmholadh tuillte ag an Údarás as sin ach ag an am céanna bhí cuid de na hagallaimh trí Bhéarla. Tarlaíonn sé sin agus tharla sé inniu go raibh cuid de na himeachtaí i mBéarla, ach easnamh a bhí ann nuair nach ndearna aon duine sna hagallaimh sin aon soiléiriú faoin scéim atá ar siúl acu sa chomhlacht, cé go raibh siad ag labhairt i mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.