Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta
6:15 pm
Mr. Micheál Ó hÉanaigh:
Tá dhá thaobh ag an teach. Ón dtaobh eacnamúil de is é an príomhsprioc atá leagtha síos ná an fhostaíocht atáimid ag cruthú leis an infheistíocht atáimid ag déanamh.
Beidh Siubhán Nic Grianna ag caint níos mó ar an bpleanáil teanga agus ar na spriocanna atá leagtha síos ansin againn. Bíonn monatóireacht á déanamh air sin agus ar an dul chun cinn atá le déanamh ag na cruinnithe. Aontaímid spriocanna i gcomhthéacs na straitéise leis an Roinn ag tús chuile bhliain. Ansin bíonn an mhonatóireacht á déanamh ar an gcaoi a bhfuilimid ag baint iad sin amach.
I dtaobh Pháirc na Mara, bhí iarratas pleanála ar spás oifige a chur in áit ansin againn le go bhféadfadh muid díriú isteach ar obair fhorbartha san áit. Fuair muid cead pleanála dó sin ó Chomhairle Contae na Gaillimhe. Tá sé faoi bhráid an Bhoird Pleanála i láthair na huaire. Táimid ag cur tuilleadh eolais ar fáil faoi sin. Maidir leis an mórphlean, tá staidéar tionchair timpeallachta ar siúl againn i láthair na huaire. Tá tograí ann a bhfuil féidearthachtaí leo. Chuardaigh muid léirithe spéise ó daoine éagsúla a bheadh ag iarraidh lonnú ar Pháirc na Mara. Fuair muid thart ar 18 léiriú spéise de chineálacha éagsúla. Tá cuid de na comhlachtaí fíorbheag agus tá cuid acu réasúnta mór. Tá cuid acu a bheadh muid féin á cur chun cinn i gcomhar lenár gcuid pairtnéirí a luaigh mé níos luaithe: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Galway Mayo Institute of Technology; Foras na Mara; agus Bord Iascaigh Mhara.
Is é an rud atá i gceist ansin ná ionad taighde agus nuálaíochta le réimsí breisluacha ó thaobh earnáil na mara a chur chun cinn. Nuair a bheas an staidéar tionchair timpeallachta déanta beidh tuiscint mhaith againn ar céard iad na rudaí gur féidir iad a chur chun cinn ar Pháirc na Mara ar bhonn inmharthanach. Beidh an t-iarratas ar chead pleanála a bheas muid ag déanamh i gcomhair na páirce ag brath ar na rudaí a bhfuil sé taispeánta go bhfuil siad inmharthanach agus inglactha. Tá sé fíorthábhachtach dúinne gur forbairt inmharthanach a bheas ansin. Tá deis an-mhaith againn anois leas a bhaint as an acmhainn mhara. Mar a dúirt mé níos luaithe, beidh sé seo mar pháirc eiseamláireach ní amháin don Ghaeltacht, ach don tír agus fiú go hidirnáisiúnta. Táimid ag iarraidh an jab is fearr gur féidir a dhéanamh mar seo é an deis is fearr a bheas againn le fostaíocht inmharthanach a chruthú sa chuid sin de Chonamara. Caithfimid leas a bhaint as an acmhainn mhara ar bhonn inmarthanach. Ní féidir le gach duine maireachtáil ar an turasóireacht. Beimid ag cur gnólachtaí eile chun cinn chomh mór agus is féidir linn ach seo é an duais mhór má dhéanann muid i gceart é. Táimid ag iarraidh é a dhéanamh i gceart más féidir linn ar chor ar bith.
I dtaobh foirgneamh agus talaimh, rinne sé ciall ag an am cuid den talamh a cheannaigh muid san am a chuaigh thart a cheannach ach níl mórán deiseanna forbartha orthu i láthair na huaire. Tá áiteanna ann nach bhfuil leath a dhóthain foirgneamh ann. Beidh deacrachtaí againn fiú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair go luath. Sin scéal maith. Is áit é ina raibh go leor foirgneamh folmha trí bliana ó shin. Tá roinnt foirgneamh suite in áiteanna ina bhfuil sé níos deacra infheistíocht a mhealladh isteach ná in áiteanna eile. Tuigimid é sin. Bíonn orainn tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh. B'fhéidir nach bhfuil roinnt den talamh a cheannaigh muid chomh húsáideach agus a ceapadh go mbeadh 20 nó 30 bliain ó shin. É sin ráite, tá na foirgnimh lárnach dár straitéis. B'fhéidir gurb é an fhadhb is mó atá againn ná nach bhfuil cuid dóibh ar chaighdeán maith i láthair na huaire. Táimid ag iarraidh é sin a chur ina cheart.
I dtaobh áiteanna mar Cheathrú Thaidhg, bhí réamh-mhonarcha amháin againn i gCeathrú Thaidhg. Is rud dearfach é go bhfuil sé sin lán. Ní chreidfeadh duine ar bith go bhfuil gnó atá ag fostú an méid sin daoine lonnaithe sa spota is iargúlta in Éirinn a bhfuil réamh-mhonarcha ann. Má thógtar ceantar Iorrais, tuigimid an chaoi a bhfuil sé ó thaobh Gaeltachta agus breac-Gaeltachta ansin. Níl aon dabht ach go bhfuil sé i bhfad níos éasca nuair atá lárnach mar Bhéal an Mhuirthead i gceist. Tá sé sách deacair rudaí a mhealladh go Béal an Mhuirthead ach, má táthar ag iarraidh infheistíocht ón taobh amuigh a mhealladh isteach, tá sé níos éasca é a dhéanamh i sráidbhaile mar sin seachas i gceantar tuaithe. Sin deacracht a bhíonn againn i gcónaí. Is dóigh liom gurb é an rud atá ann ná, más féidir linn jabanna a mhealladh isteach sa gceantar, go mbeadh siad ar fáil do mhuintir an cheantair ar fad. Cinnte, má bhíonn aon deis againn tionscnamh a chur chun cinn sna ceantair atá scoilte amach, glacaimid leis ach bímid ag brath ar thionscail áitiúla agus tionscail bheaga dhúchasacha den chuid is mó.
Tá béim nua ar thurasóireacht againn. Táimid ag obair ar thogra suntasach le pobal na hEachléime i dtaobh Ionad Deirbhile agus seanteach solais an Fhóid Duibh a fhorbairt. Tá súil againn go mbeidh muid in ann tógáil ar na buntáistí atá sna ceantair sin. Sílim go bhfuil eiseamláir ansin ó thaobh Choláiste Uisce agus an jab atá déanta aici i gCuan Eilí agus anois san Eachléim. I gcomhthéacs ár straitéise tuigimid go gcaithfimid a bheith ag brath ar na hacmhainní nádúrtha go mór seachas a bheith ag fáil infheistíocht ón taobh amuigh. Tá sé fíordheacair é a fháil isteach fiú sna háiteanna atá lárnach i gcomhthéacs Gaeltachta. Tá deacracht ann comhlachtaí a fháil amach go dtí ceantair imeallacha.
I dtaobh an diaspóra, táimid ag leagan spriocanna síos. Ag deireadh tréimhse na straitéise seo tá súil againn go dtaispéanfadh muidne go bhfuil infheistíocht faighte isteach againn. Sin rud tábhachtach. Ó thosaigh muid air seo, ba é an príomhriachtanas a tháinig inár dtreo ná an riachtanas atá ag comhlachtaí le hoibrithe - daoine le scileanna agus le taithí. Luaigh mé Randox níos luaithe. Tá Randox anois lonnaithe in iarthar Thír Chonaill ach tá daoine leis an eolaíocht beatha, ICT agus innealtóireacht - daoine atá fíorcháilithe - ag teastáil. Tá daoine ón gcontae a bhfuil na cailíochtaí sin acu ach b'éigean dóibh uilig imeacht. Is cuid den togra seo ná iad a mhealladh ar ais. Is buntáiste i gcuid de na ceantair atá againn nach bhfuil an géarchéim tithíochta chomh mór agus atá sé sna bailte móra. Ní fadhb é sin a dtáinig muid trasna air go dtí seo agus muid ag iarraidh daoine a mhealladh ar ais.
Tá go leor rudaí eile, agus tá a fhios agam go bhfuil an Rialtas ag breathnú orthu, i dtaobh éascaíocht a dhéanamh ar dhaoine a athraíonn abhaile, go mórmhór ón iasacht, i dtaobh ceadúnas agus mar sin. Bheadh sé fíorthábhachtach go ngabhfaidh i ngleic le na fadhbanna sin leis an rud a éascú. I dtaobh na straitéise, is sprioc gearrthéarma tábhachtach dúinn a thaispeáint go gcuireann muid ar chumas leithéidí Randox, Mulan, Aran Biomedical agus Freudenberg fás agus nach raibh easpa daoine cáilithe acu i gcomhthéacs an tionscnaimh diaspóra.
I dtaobh printíseachtaí, bhí an earnáil sin lag ar feadh roinnt blianta ach táimid ag fáil ar ais. Beidh muid ag iarraidh béim a chur ar na printíseachtaí traidisiúnta le hais mar a bhí. Táimid ag obair le roinnt scoileanna. Tá go leor daoine ag dul go dtí an tríú leibhéal ach ní oireann an tríú leibhéal do chuile dhuine. Tá daoine atá i bhfad níos feiliúnaí-----
No comments