Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:15 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá cur i láthair soiléir tugtha acu. Tá an rud scríofa i mBéarla agus i nGaeilge. Gabhaim buíochas as sin. Tá sé úsáideach do na daoine atá ag streachailt. Is plean iontach é.

Maith dom go bhfuil mé beagáinín soiniciúil because tá an t-uafás pleananna feicthe agamsa. Tá sé léite agam agus tá níos mó suime agam ar chúrsaí monatóireachta agus an plean a chur i bhfeidhm. An féidir leis na finnéithe díriú isteach air sin? Cuirfidh mé na ceisteanna agus ansin is féidir leo freagairt. Tá na rialacha céanna i bhfeidhm domsa. Cén uair a d'fhoilseofar an straitéis? An mbeidh tuarascáil bliantúil réidh le deireadh na bliana seo? An bhfuil tuarascáil roimhe seo maidir leis an gcoiste? An coiste stiúrtha nó coiste feidhmiúcháin é? Tá coiste faoi leith ann. Cé mhéad dul chun cinn atá déanta ón lá a d'fhoilsigh an straitéis seo? Sin rud amháin.

Ní mór dom a rá i dtús go bhfuil mé ag díriú isteach ar na rudaí a bhfuil mé buartha fúthu. Tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall á déanamh ag Údarás na Gaeltachta. Aontaím le na Teachtaí eile; gan an tÚdarás beidh na Gaeltachtaí uilig thíos. Tá na pointí á ndéanamh agamsa sa chomhthéacs sin.

Maidir le na poist, tá an ról sin atá ag an Údarás thar a bheith tábhachtach ach tá ról ag an leibhéal céanna, mar a dúirt an tUasal Ó hÉanaigh, aige ó thaobh cultúir, teanga agus pobal de. Cén chaoi a bhfuil an tÚdarás ag dul i ngleic leis na dúshláin maidir le Béarla, mar shampla comhlachtaí ag teacht isteach agus iad a bheith ag obair go hiomlán trí Bhéarla? Cad iad na pleananna teanga atá ag an Údarás? Cén chaoi a bhfuil sé i mbun monatóireachta? Sin rud amháin.

Maidir le Páirc na Mara, an féidir leis an Údarás soiléiriú a thabhairt dúinn maidir le stádas an cheada pleanála? B'fhéidir go bhfuil míthuiscint agam ach níl cead pleanála faighte. Tá cead pleanála faighte maidir le hoifigí amháin. Ó mo thaithí ó bheith ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, cé gur plean agus coincheap iontach é Páirc na Mara, nuair a dtagann na boic mhóra isteach bíonn fadhbanna ann ó thaobh daonlathais, trédhearcachta, agus cúrsaí rialacháin. Tá sin feicthe go soiléir agam le dhá bhliain anuas. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ó thaobh na cúrsaí sin de.

Ó thaobh foirgnimh, tá a fhios ag na finnéithe go bhfuil neart ceisteanna curtha agam ó thaobh foirgnimh atá folamh. Tá dul chun cinn déanta. Faoi láthair tá 70 foirgneamh folamh, de réir mar a thuigim. Is áis iontach go bhfuil na foirgnimh ag an Údarás agus go bhfuil dul chun cinn déanta ach tá 77 fós folamh. Tá neart talaimh ag an Údarás freisin agus is iontach an rud é sin freisin ach tá mise ag breathnú ar acraí talamh ar fud na tíre nach bhfuil rud déanta orthu in 1980, 1997 nó mar sin de. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart. Bhí sé de phribhléid ag an gcoiste seo taisteal ar fud na tíre go dtí na Gaeltachtaí uilig. Táimid díreach ar ais ó thuaisceart Mhaigh Eo. Ceapann na daoine ansin i nGaeltacht Cheathrú Thaidhg go bhfuil dearmad déanta orthu agus is dóigh liom go bhfuil an ceart acu. Sin sampla amháin. Cén chaoi a dhéantar cinneadh rud a bhunú in áit éigin, Acla nó Béal an Mhuirthead mar shampla, seachas i gCeathrú Thaidhg nó áit éigin eile? Cén chaoi a n-éiríonn an Údarás an cinneadh sin a dhéanamh? Ón méid a chonaic an coiste, tá gá le tascfórsa agus plean práinneach ó thaobh an cheantair sin ach go háirithe. Sheas sé amach i gcodarsnacht le haon cheantar eile.

Maidir le cúrsaí printíseachta, cad atá i gceist ag an Údarás? An bhfuil na gnáthphrintíseachtaí i gceist chomh maith le na rudaí nua? Maidir leis an diaspóra, arís is iontach dearfach an coincheap é. Cad atá i gceist go sonrach? Cad iad na spriocanna? Cad iad na hamscálaí? Cad mar gheall ar chúrsaí tithíochta? Tá sé go dona i nGaillimh. Tá sé beagáinín níos fearr sa chontae ach tá fadhb uafásach ann. B'fhéidir go n-inseoidh an tUasal Ó hÉanaigh rud dom faoi sin freisin. Tá ceisteanna eile agam ach tiocfaidh mé ar ais arís tar éis na dTeachtaí agus an tSeanadóra.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.