Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:15 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Cinnte. Is maith linn a thaispeánt go bhfuil luach á fháil ag an Stát ó thaobh cúrsaí teanga agus cultúir agus na spriocanna atá leagtha síos ag an Stát maidir leis sin. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh daoine go bhfuil an aisíoc eacnamúil ann chomh maith. Cinnte, is rud é sin go bhféadfaimís díriú air.

Ceapaim go raibh ceist amháin eile ag an Teachta i dtaobh an mhéid a bhíonn á fháil againn do na comharchumainn agus don taobh sin den tí. Ba é an sprioc a bhí leagtha síos againn ná €2 milliún eile ar bharr an mhéid atá á fháil againn i láthair na huaire le go mbeadh muid in ann na tacaíochtaí atá ag teastáil ó na comharchumainn a chur ar fáil agus iad a chur ar a gcuid cos i gceart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.