Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá, ach caithfidh mé a mhíniú cén bunús atá leis an gceist. An bhfuil aon áireamh déanta ag an Údarás ar an dream rúnda sin atá ag obair go ciúin leo sa bhaile? Feictear domsa nach fios d‘éinne sa tír cé mhéad duine atá ag obair ó bhaile anois, go páirtaimseartha nó go lánaimseartha, agus gan acu ach ceangal leathanbhanda agus ríomhaire. Feicim ailtirí, aistritheoirí agus daoine ag obair do chomhlachtaí móra. An bhfuil aon áireamh againn ar cé mhéad duine atá ann agus an bhfuil aon bhealach go bhféadfaí oibriú amach an bhfuil difríocht idir na ceantair a bhfuil an leathanbhanda an-tréan agus leathanbhanda lag agus cé mhéad post a bhféadfaí a chruthú? Ní bheadh ar an Údarás mórán a dhéanamh le hiad a chruthú mar go deimhin féin níl na poist seo costasach lena chruthú. Choinneodh sé daoine sa bhaile agus gasúir sna scoileanna agus mar sin de.

An bhfuil aon phlé ag an Údarás leis an ollscolaíocht lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus an bhfuil aon infheistíocht á dhéanamh inti? Mar shampla, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge nó in aon institiúidí tríú leibhéal atá ag feidhmiú taobh istigh den Ghaeltacht, bhí sé ar bun. Creidim féin gur earnáil iontach, ó thaobh cruthú fostaíochta é nó í, ach go mb’fhéidir nach bhfuilimid ag déanamh na hinfheistíochta ann. Ba cheart go mbeadh comhpháirtíocht idir ollscoileanna, as a n-acmhainní féin, HEA - is maith an rud go bhfuil an tAire, an Teachta McHugh, iompaithe anonn ina Aire agus go mb’fhéidir go mbeadh sé báúil don smaoineamh seo - an tÚdarás agus an Roinn, ar ndóigh.

Tá páirt lárnach ag an Údarás agus ag an Roinn anseo.

Ba mhaith liom tuairimí na bhfinnéithe a fháil ar cheist fhéidearachtaí na hollscolaíochta trí Ghaeilge, le béim ar na rudaí atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a aontaíodh ag an Rialtas, mar shampla, an seimeastar lán-Ghaeilge do na céimithe a bheadh ag déanamh staidéar ar an nGaeilge. Bhí tréimhse sa Ghaeltacht i gceist do na hábhair oidí agus mar sin de. Ní fios cén tionscadal atá i gceist ansin agus ní léir go bhfuil sé forbartha, go mórmhór ó thaobh múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta de, ó thaobh cleachtadh na Gaeilge de agus ó thaobh céimeanna le Gaeilge agus mar sin de.

Tagraím do thionscadail na meáin, nó clasamhairc, nó teilifíse, nó físeáin agus na healaíona cruthaitheacha ar fad. An bhfuil aon phlean ann borradh breise a chur ar an earnáil sin? Tá comhpháirtithe ann ar nós an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil mar is léi atá an ceadúnas teilifíse agus is fúithi atá sé le rá cé mhéad airgead a fhaigheann TG4 mar shampla. Dá bhfaigheadh TG4 tuilleadh airgead, bheadh níos mó airgead ag an earnáil mar bheadh siad ag coimisiniú daoine agus tiocfadh fás níos mó uirthi. Cén plé atá na finnéithe ag déanamh leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta? Bhí sé seo ar fad luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tagraím do acmhainní nádúrtha. Má bhreathním timpeall orm sa Ghaeltacht, tá a lán acmhainní nádúrtha ann. Tá comhlachtaí breátha den scoth ann atá inmharthanach, atá ann le fada an lá agus atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Nílimid i ndeireadh na feide leis sin ar chor ar bith.

Seans gurb í an acmhainn daonna an acmhainn is tábhachtaí ar fad. Cé mhéad comhlachtaí fíor-rathúil atá ann ar fud an domhain, ó Facebook go Google, atá bunaithe ar choincheap a bhí i gcloigeann duine ag an tús? Tá go leor díobh sa Ghaeltacht freisin. Cé mhéad múinte agus oibrithe atá ann? Tá ceann i Ros Muc agus ceann i gCorr na Móna: tá siad ar fud na háite. Cé mhéad plé atá ar bun faoi cén chaoi gur féidir cur leis sin? Is dócha go bhfuil a dóthain ráite agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.