Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bíonn an-chomhoibriú ón gCathaoirleach agus faighimid eolas ar fad faoin gcoiste. Tá cúpla ceist agam.

Cloisim an tÚdarás ag rá gurb é €12 milliún an t-éileamh atá aige ó thaobh caipitil de. Bhíodh sé ag caitheamh suas go dtí 2008 nó 2009 idir €20 milliún agus €30 milliún ar chaipiteal in aghaidh na bliana. An mbeadh airgead den chineál sin ar fáil i láthair na huaire? An mbeadh gnó ag an Údarás dó agus an mbeadh sé in ann é a chaitheamh go tairbheach? Is é an cheist atá ann i ndáiríre ná an bhfuil an €12 milliún sin iarrtha ar an mbonn go gceapann an tÚdarás gur sprioc réasúnach é nó gur ba sin an méid gur féidir leis a chaitheamh go tairbheach ar son phobal na Gaeltachta?

Ó thaobh airgead reatha le haghaidh seirbhísí a chur ar fáil, ar nós comharchumainn, eagraíochtaí pobail, pleanáil teanga agus mar sin de, cé mhéad airgead breise dáiríre a theastódh dá mbeadh gach rud ina cheart agus leis an jab atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a dhéanamh i gceart go huile is go hiomlán? An mbeimid ag caint ar €3 milliún, nó €4 milliún, nó €5 milliún bhreise in aghaidh na bliana? Cén cineál airgead a bheadh i gceist?

Is é mo bharúil ó thaobh cúrsaí forbartha go bhfuil an-deiseanna sa Ghaeltacht, nó in áit ar bith a bhfuil daoine sách solúbtha, aclaí agus bisiúil le deiseanna a thapú. Nuair a bhreathnaítear timpeall na Gaeltachta agus ar chuid de na comhlachtaí is bisiúla dá bhfuil ann, is comhlachtaí áitiúla iad agus atá i gceantair atá i bhfad ó bhaile.

An aontódh an príomhfheidhmeannach liom go bhfuil trí rud móra ag teastáil don tionsclaíocht? Mar a dúirt fear amháin liom le gairid a bhfuil siar i gceann de na háiteanna is faide siar i gConamara, tá dhá rud uathu: bóithre agus leathanbhanda. Cuirimse trí rud mar sin: bóithre, leathanbhanda agus pleanáil. Tá ceist amháin agamsa air sin. Ó thaobh na pleanála de, feicim gach uile áit a dtéim gur éirigh le daoine tionscal beag a bhunú ag an mbaile. Thosaigh sé ag méadú agus ag méadú agus ansin bhí sé an-deacair cead pleanála a fháil don mhéadú, fiú nach raibh sé ag cur isteach ar aon de na comharsana.

An bhfuil gá lena chinntiú go bhfuil bóithre maithe ar fáil? Ba sin riachtanas ollmhór. Ní hé amháin an gréasán taobh istigh den Ghaeltacht, cé go bhfuil sé sin tábhachtach agus feicimid go mór mór i gConamara an dochar atá á dhéanamh, ach an ceangal le gréasán maith náisiúnta, mar shampla, i dTír Chonaill agus i gCiarraí. Is easnamh ollmhór é dar liom nach bhfuil na príomhbhóithre náisiúnta sna ceantair sin suas don chaighdeán, is é sin le rá le caighdeán gach príomhbhóthair náisiúnta den chead ghrád sa tír, nó national primary routes mar a thugann siad orthu i mBéarla. Ba cheart gur bóthar débhealach a bheadh i gceist. Níl a leithéid níos faide ná Muileann gCearr ag dul go dtí Tír Chonaill, nó má théann duine an bóthar eile, go Dún Dealgan agus trasna go hArd Macha. Má theann duine go Ciarraí, táthar ag déanamh go seoigh go dtí go dtiocfaidh an duine go dtí Áth Dara agus ansin stop agus siar ar aghaidh go Corca Dhuibhne nó Uíbh Ráthach. Tá an rud céanna i gceist ag teacht as Corcaigh. Níl mé ag caint ar bhóithre áitiúla amháin ach, faraor, ar an ngréasán náisiúnta. Táim féin ag obair i láthair na huaire le ceangal níos fearr a dhéanamh idir ceantar Uí Sheoigheach agus Tuaim, áit a bhfuil ceangal isteach sa mhótarbhealach ag dul soir go dtí na calafoirt, agus ag dul ó dheas.

Ar ndóigh maidir leis an leathanbhanda, aisteach go leor, cé go mbíonn daoine ag caitheamh anuas ar Eir, de bharr an ruda atá déanta aige, dóibh siúd a fuair an gigabit, tá sé chomh maith le rud ar bith atá ar bun ar domhan. Bhí mé ag éisteacht leis an ngleo anseo ar ball agus chuala mé duine ag rá go bhfuil leathanbhanda níos fearr ag córas áirithe ná mar atá thall i Sasana. Bhí an rud céanna i gceist le duine i dtionscal a raibh mise ag caint leis. Cé go bhfuil an fibre nó an snáithín ag obair agus dúirt sé go raibh sé ag obair thar cionn, ní raibh ach fadhb amháin ann. D’iarr mé air ansin ó mhaidin céard ab í an fhadhb? Dúirt sé gurb í an t-aon fhadhb a bhí ann ná nach raibh a leithéid ag custaiméirí an duine sin atá ar an taobh eile i Sasana. Nach breá an scéal é sin?

Tá an tseirbhís sin i spotaí i mbeagnach gach uile áit sa Ghaeltacht. Mura bhfuil, beidh sé ann nuair a bheidh Eir críochnaithe leis an 300,000 mar rinne sé é de réir na seanbhoscaí. Cé chomh mór is atá an t-easnamh leathanbhanda dár gcoinneáil siar, i gach uile phobal nach bhfuil sé ag daoine? an bhfuil aon am fágtha agam?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.