Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:45 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

I dtús báire i dtaobh an bhuiséid, tá sé ráite linn go mbímid ag dul chuig €12 milliún thar tréimhse de bhlianta agus go dtuigtear go bhfuil sé sin mar bhonnlíne a bheadh ag teastáil uainn lenar cuid spriocanna a bhaint amach. Táimid an méid airgid a fhaighimid a úsáid ach caithfidh mé a rá go bhfuilimid thar a bheith sásta go bhfuil méadú suntasach faighte againn i mbliana agus tabharfaidh sé sin deis an-mhaith dúinn ár gcuid oibre a chur i gcrích. Táimid thar a bheith sásta go bhfuilimid ag dul sa treo ceart, ach táimid uilig aontaithe, is é sin muid féin agus an Roinn, go bhfuil níos mó ag teastáil, ach táimid uilig ag obair ar an leathanach céanna air sin.

I dtaobh an leathanbhanda, cosúil le ceantair thuaithe eile, is fadhb an-mhór atá ann. Níl sárú na faidhbe sin againne do na pobail uilig, ach an rud atáimid ag iarraidh a chinntiú trí na moltaí seo, agus glacaim le pointe an tSeanadóra faoi na crosbhealaí, ná nach bhfuil aon fháth nach mbeadh rud ar an sráidbhaile ansin más féidir linn teacht ar ionad, mar bheadh sé nádúrtha go bheidís ann mar chuid den slabhra. Táimid in ann a chinntiú go bhfuil ionad sna ceantair seo a mbeadh daoine cinnte go bhfaighidh siad an leathanbhanda ar bhonn éifeachtach saor agus go mbeidh siad cinnte go mbeidh an chumhacht acu le haon ghnó a theastaíonn uathu a dhéanamh. Ní hamháin ar mhaithe le leathanbhanda a bheadh daoine ag iarraidh na hionaid seo, mar má tá daoine ag obair leo féin sa bhaile, tá sé fíorthábhachtach ón taobh sóisialta de freisin. An rud atáimid ag feiceáil sna haonaid atá bunaithe againn ná go bhfuil sineirgí a gcruthú againn agus daoine ag fáil breisluacha as a bheith i dteagmháil lena chéile, is é sin daoine a bheadh ag obair sa bhaile leo féin seachas sin. Sílimid gur b'shin cuid den rud a bhfuilimid in ann a dhéanamh, fiú amháin ar na hoileáin mhara, lena chinntiú go mbeidh ionad ann a mbeidh teacht ar leathanbhanda éifeachtach agus saor.

Tá an Seanadóir ceart freisin go bhfuilimid ag iarraidh gach ceantar Gaeltachta a chur chun cinn. Go minic bímid in ann ceantair a dhíol níos fearr ná a chéile faoi go bhfuil na foirgnimh sin ann. Uaireanta bíonn géarchéim ann. Bhí géarchéim i bpáirc ghnó Ghaoth Dobhair le roinnt blianta mar gheall ar an mbealach ar dhruid comhlachtaí síos. Chuireamar béim air sin. Tá géarchéim anois in áiteanna ar nós iarthar Chonamara agus táimid ag cur béim ar Pháirc na Mara. Chomh maith leis sin, tá sé nádúrtha go mbeimis ag díriú ar chúrsaí mara in áit mar iarthar Chonamara. Tá buntáiste ag an gceantar sin, faoi go bhfuil sé bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag iarraidh an rud sin a dhéanamh ansin.

Táimid i gcónaí ag iarraidh comhlachtaí a mhealladh agus bíonn sé sin bunaithe, mar a dúirt mé, ar na hacmhainní atá in áit againn nó mianta na gcomhlachtaí. Má tá ceangal ag comhlacht le ceantar, b’fhéidir go mbeidh an bharúil acu dul go dtí Dún na nGall seachas Ciarraí nóvice versa. Leis an mbéim atá againn ar thurasóireacht na laethanta seo, tá gach uile cheantarar an gcósta go mór mór - ní na ceantair ar an gcósta amháin ó thaobh ceantair Ghaeltachta - a bhfuil buntáistí acu sa chomhthéacs seo. Beimid in ann an turasóireacht a chur chun cinn i ngach áit. Braitheann sé go minic má thagann duine maith fuinniúil chun cinn, bímid in ann togra a bhunú timpeall ar an duine sin. Tá meascán d'fháthanna go dtarlaíonn rudaí in áiteanna éagsúla ach tá sé mar straitéis againne a chinntiú go mbíonn, chomh fada agus is féidir, agus go mbeidh forbairt chothrom ann. Is é sin an fáth maidir le ceantair thearcfhorbartha, ar nós iarthar Chonamara, go bhfuilimid ag tabhairt faoi phlean forbartha i gcomhar le pobal Iorras Aithneach agus Ros Muc ansin. Tá an plean sin a seoladh i gceann cúpla seachtain. Ní bhraithfeadh deisceart Chiarraí mar a chéile mar cheantar tearcfhorbartha. Chuireamar tascfhórsa le chéile agus táimid anois leis an bplean ón tascfhórsa sin a sheoladh agus chun dul i mbun na spriocanna atá leagtha amach ansin a chur i bhfeidhm. Bhunaíomar tascfhórsa i nGaeltacht na Mí chomh maith anuraidh agus beidh sé sin ag tuairisciú sa todhchaí. Sna ceantair a bhfuil tacaíocht ar leith ag teastáil uathu, cuirimid an tacaíocht sin ar fáil.

Luaigh an Seanadóir an Breatimeacht ansin agus is é an rud is measa againn i láthair na huaire agus dar cuid comhlachtaí ná an éiginnteacht. Tá roinnt comhlachtaí againn i gceist leis seo. Luaigh mé an figiúr easpórtála a bhí ansin agus go raibh thart ar €500 milliún d'earraí á n-easpórtáil. Tá €140 milliún de sin á n-easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe ag comhlachtaí Gaeltachta. I roinnt comhlachtaí, i nDún na nGall agus in áiteanna eile, tá siad ag brath go mór ar an margadh sin. Tá éiginnteacht agus ceisteanna faoi. Táimid ag obair i gcomhar leis na comhlachtaí. Tá na comhlachtaí sin ag leanúint ar aghaidh, ag infheistiú sa Ghaeltacht agus ag tógáil tuilleadh oibrithe. Buntáiste amháin atá againne i gceantair Ghaeltachta ná go bhfuilimid i gcónaí ag plé le dúshláin. Ní bhíonn sé riamh éasca ag comhlachtaí sna ceantair imeallacha seo. Mar gheall go mbíonn oibrithe de scoth acu agus go mbíonn dílseacht do na comhlachtaí seo, tá siad in ann fáil thar go leor bac. D'ainneoin go bhfuil éiginnteacht ann, tá dearfacht ann chomh maith, agus táimid ag obair i gcomhar leis na comhlachtaí lena chinntiú, pé rud a thiocfaidh aníos, go mbeimid in ann oibriú tríd chomh maith agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.