Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:45 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

An bhfuil aon chúnamh sa bhreis ar fáil do chomhlachtaí i dtaca le pleanáil a chur i bhfeidhm?

Ó thaobh an tionscnaimh gteic, Gréasán Digiteach na Gaeltachta, de, tím sa léarscáil go bhfuil páirc ghnó Fháil Charraigh fágtha amuigh as an gteic. An bhfuil aon chúis leis seo? Tá comhlacht amháin, agus is fiú tagairt a dhéanamh dó, atá lonnaithe sa pháirc ghnó sin. Is é sin Kelsius Teoranta, a bhfuil 42 duine ag obair acu. Is dea-scéal mór é agus tá gradam Deloitte náisiúnta bainte amach acu le seachtain anuas mar cheann de na comhlachtaí teicneolaíochta is gasta fáis sa tír. Tá a fhios agam go bhfuil sé iontach sásta leis an gcúnamh atá siad ag fáil ón Údarás ach ag an am céanna tá an pháirc ghnó ansin, tá monarcha ann agus mheasfainn gur cheart go mbeadh an pháirc ghnó sin clúdaithe sa léarscáil gteic.

Tá go leor ceisteanna ansin agus mura bhfuil deis ag na finnéithe inniu iad a fhreagairt, beidh mé breá sásta fanacht ar fhreagraí ón Údarás ag am éigin eile. Gabhaim buíochas leis an Údarás agus mar a dúirt mé go minic roimhe, gan an tÚdarás i gceantair thuaithe agus ceantair Ghaeltachta, ní bheadh an tsuim ag IDA nó ag Fiontar Éireann na jabanna sin a chruthú. Cé go mbímid go minic ag tabhairt amach faoi chaighdeáin na jabanna sin, gan an tÚdarás ní bheadh na jabanna sin ann ar chor ar bith mar nach mbeadh na comhlachtaí sásta a bheith ann. Táimid i gcónaí fíorbhródúil as an Údarás agus as an obair atá ar bun aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.