Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:35 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, leis an bPríomhfheidhmeannach agus leis an Uasal Nic Grianna, an t-oifigeach cumarsáide. Tá lúcháir orm go bhfuil sibh anseo agus tá cur i láthair maith cuimsitheach déanta ansin agaibhse ar go leor de na spriocanna atá ag an Údarás agus ag an bplean straitéiseach.

Tá roinnt ceisteanna agam i dtaca leis an bplean. Má tá duine chun aon sprioc a bhaint amach caithfear plean a bheith ag an duine sin. Tá sé soiléir go bhfuil plean maith ag an Údarás. Tá a fhios agam go raibh an t-Údarás buailte go dona ó thaobh airgead de agus an cúnamh a bhí ar fáil ón Rialtas nuair a tharla an ghéarchéim. Tá biseach tagtha air sin, buíochas le Dia. Ag an am céanna nuair a amharctar agus nuair a dhéantar comparáid ar fhigiúirí IDA agus Fiontar Éireann, ó 2007 go dtí 2017, tá ardú 22% ar bhuiséad an údaráis sa tréimhse sin agus tá súil agam go bhfuil an uimhir sin cruinn agam. Sa tréimhse chéanna, tá ardú 66% ar bhuiséad an IDA, agus 45% ar bhuiséad Fiontar Éireann. An bhfuil comhartha ceiste ansin i dtaca leis an bhfigiúr sin? An bhféadfaí níos mó airgid a bheith ar fáil ag an Údarás, chun bheith ar fáil i dtaobh deontas agus comhlachtaí a mhealladh agus an bhféadfaí níos mó poist a chruthú i gceantair Ghaeltachta?

Ó thaobh an bhaic is mó le go ndéanfaí comhlachtaí a mhealladh faoi láthair - rinne an Teachta Ó Snodaigh tagairt dó ansin - is é go bhfuil na ceantair Ghaeltachta i bhfad ó Bhaile Átha Cliath agus ó cheantair lár na tíre. Is bac é sin. An bhfuil an leathanbhanda - a bhfuil go leor plé déanta air le roinnt blianta anuas - ag cruthú deacrachtaí i gceantair Ghaeltachta? Tá a fhios agam go bhfuil go leor oibre déanta ag an Údarás maidir leis an leathanbhanda a chur ar fáil sna hionaid ghnó ach ó thaobh daoine féinfhostaithe agus ag obair as baile, an bhfuil an tseirbhís leathanbhanda sin ag cruthú deacrachtaí sna ceantair Ghaeltachta chomh maith?

Cuirim fáilte láidir roimh an sprioc fostaíochta de 1,500 sa bhreis suas go dtí 2020 agus go bhfuil an sprioc sin á baint amach agaibh. Tá an tríú cuid de na poist sin beagnach bainte amach i mbliana. Ó thaobh na sprice sin, an bhfuil an plean leagtha amach go sonrach i dtaca leis an áit a bheidh na poist sin lonnaithe. Cén réigiún? An mbeidh siad sa tuaisceart nó i gceantar na Gaillimhe, mar shampla? Cén cineál poist is mó atá á mealladh? Tá a fhios agam go mbraitheann sé sin ar na comhlachtaí a dhéanann teagmháil leis an Údarás nó an sruthú atá ar fáil ag an Údarás féin. Ag an am céanna, an bhfuil sprioc earnála, do phoist atá níos ardchaighdeánaí? Tá plé déanta agam faoi láthair le príomhfheidhmeannaigh comhlachtaí airgeadais atá lonnaithe i Londain agus tá siadsan ag iarraidh go láidir teacht go Baile Átha Cliath le bheith lonnaithe anseo, go háirithe leis an bhfadhb le Brexit faoi láthair. Is é an trioblóid mhór atá acu, faraor, cé go bhfuil an IDA ag cur tacaíocht mhaith ar fáil do na comhlachtaí seo á thaobh fiosrúcháin agus gach uile rud, is é an fhadhb is mó na áit chónaithe do na fostaithe. Tá go leor de na comhlachtaí seo ag teacht le bainistíocht ag leibhéal ard a bheadh sásta teacht isteach agus a bheith ag fostú daoine sa bhreis anseo. An bhfuil aon teagmháil déanta ag an Údarás leis na comhlachtaí sin agus an bhfuil deis ansin, i mbarúil an Uasail UÍ hÉanaigh? An mbeadh an t-Údarás in ann dul i dteagmháil le cuid de na comhlachtaí sin chun é sin a phlé amach?

Ó thaobh Brexit nó Breatimeacht, tá go leor plé air le lá nó dó anuas. Cén tuairim atá ag an Údarás maidir leis an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht, go háirithe ó thaobh cúrsaí easpórtála isteach go dtí margadh Shasana?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.