Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhairm míle buíochas don Uasal Ó hÉanaigh as an méid a chuir sé faoinár mbráid. Tá sé go maith go bhfuil sé leagtha síos agus go bhfuil ardú éigin ag tarlú don mbuiséad mar tá dúshlán mór roimh an Údarás agus tá éacht déanta aige go dtí seo thar na blianta go bhfuil sé fós ann fiú.

Is cuimhin liom tamall maith de blianta ó shin nuair a raibh mé ar scoil sa Ghaeltacht go raibh na seanfhoirgnimh ann - b'fhéidir gur fothracha iad anois - agus go bhfios dom tá roinnt acu fós in úsáid agus is tamall maith é ó a bhí mise ar bhunscoil. Luaigh an tUasal Ó hÉanaigh ag an deireadh go raibh airgead ar fáil ón mbuiséad caipitil chun na foirgnimh atá ag an Údarás a thabhairt suas chun dáta. Muna tharlaíonn sé sin, beidh an tÚdarás thíos leis mar conas a bheidh an tÚdarás in ann comhlachtaí a mhealladh chun lonnú sa Ghaeltacht nuair atá sé in iomaíocht le Baile Átha Cliath mar shampla? Sin áit ina bhfuil leathanbhanda atá in ainm agus a bheith den scoth agus tá na bóithre, an t-aerfort agus gach rud eile ann.

Luaigh an tUasal Ó hÉanaigh dhá dhream ansin, an diaspora nó an coibhneas agus seachas sin comhlachtaí nach bhfuil aon cheangal acu le hÉirinn. Conas gur féidir iad sin a mhealladh isteach níos mó agus níos mó ach amháin trí chíos saor in aisce, earraí saor in aisce nó leictreachas saor in aisce a thabhairt dóibh amach anseo nó b'fhéidir na rudaí sin a thairiscint níos saoire ná áiteanna eile? Sin ceann de na dúshláin mhóra atá ann agus b'fhéidir nach féidir dul isteach go mion ann mar tá an tÚdarás san iomaíocht ní hamháin leis an domhan mór ach leis na cathracha agus leis na comhlachtaí Stáit eile atá ag iarraidh dreamanna eile a mhealladh isteach.

I mo cheantar, tá an Digital Hub ann, mar shampla, le Gaeilgeoir i gceannas ann so ná déan dearmad dul i dteagmháil leis mar b'fhéidir go gcuirfidh sé roinnt postanna i dtreo an Údaráis. An tUasal Fiach Mac Conghail, iar-Sheanadóir, atá i gceannas ann. Bhí sé ar scoil sa Ghaeltacht liom ar feadh tréimhse agus tá an-spéis aige ann so b'fhéidir go mbeidh sé in ann cuidiú, ach go háirithe leis an sort obair a luaigh an tUasal Ó hÉanaigh. Bhí spéis agam thar na blianta sa chianoibriú, nuair atá daoine ag obair sa bhaile ag úsáid leathanbhanda agus is féidir é sin a fhásadh. Sin ceann de na príomhrúdaí. Muna bhfuil postanna sa Ghaeltacht, ní bheidh an pobal i gceart ann.

An rud eile a luaigh an tUasal Ó hÉanagh ná Páirc na Mara agus an forbairt thograí fuinnimh. Feicimid ar fad na muilte gaoithe timpeall na tíre.

Níl mórán eolais agam faoi ach an bhfuil teacht againn anois ar an teicneolaíocht gur féidir linn fuinneamh a chothú as na tonnta agus as an bhfarraige níos mó nó an bhfuilimid fós ag feitheamh ar uasdátú na teicneolaíochta go dtí go mbeidh sé níos saoire? Má tharlaíonn sé sin, tá deis an-mhór againn sa chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta atá san iarthar go mbeadh fuinneamh saor nó níos saoire ná atá sé sa chuid eile den tír á chothú againn. Measaim gur féidir linn na daoine a mhealladh ar ais, má tá poist ann agus saol iomlán difriúil acu ó shaol na cathrach acu. Bíonn daoine ag cur na ceiste sin ormsa anois is arís ormsa agus iad gafa ar liosta feithimh tithíochta sa chathair seo, is é sin, conas gur féidir leo bogadh siar nó an bhfuil áiteanna ann nó deiseanna ann dóibh

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.