Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:15 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

-----le na ceantracha seo dul in iomaíocht le ceantracha eile tríd an teichneolaíocht nua seo. Tá cinn oscailte againn i nGaoth Dobhair, i mBéal an Mhuirthead, i gCarna, san Cheathrú Rua, i nDaingean Uí Chúis agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh roimh dheireadh na míosa seo agus táimid ag caint le na hoileáin, le oileán Árainn Mhór, Inis Mór agus Oileán Chléire le cinn a bhunú ansin. Tá sé seo mar chuid lárnach dár straitéis agus is féidir torthaí maithe a bhaint as. Taispeánann cur i láthair cuid de na haonaid ar an mórthír agus cuid de na haonaid ar na hoileáin mara. Táimid ag breathnú ar na hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht chomh maith ar iarratas ón Roinn.

Aithnímid chomh maith go bhfuil an turasóireacht fíorthábhachtach chomh maith. Táimid ag obair i gcomhar le chomhpháirtithe leis an leas is fearr gur féidir a bhaint as rudaí ar nós an Slí an Atlantaigh Fhiáin mar áis turasóireachta. Chuige sin, táimid ag obair len a leithéid comhairle Contae Dhún na nGall agus pobail ar fud na Gaeltachtaí éagsúla le togra straitéiseach a aithint agus a chur chun cinn.

Más ionad na n-imirceach i gCarna é, ionad an Phiarsaigh i Ros Muc, Ionad Árann ar Inis Mór nó teach solais Cheann Fhánada é, easnamh amháin a chonaic muid ná go bhfuil sé fíorthábhachtach ní hamháin go mbeadh buntáiste eacnamaíoch ó na tograí seo, ach go mbeadh buntáiste teanga agus cultúr freisin. Uaireanta, ní raibh muid in ann daoine a fháil leis na scileanna bainistíochta le dul i mbun na dtograí seo so tá scéim curtha in áit againn anois ina bhfuilimid ag forbairt bainisteoirí agus ag cur bainisteoirí in áit a bheidh á chumasú le go mbeidh na scileanna ar fad acu le dul i mbun bainistíochta ar na hionaid seo. Feicimid in áiteanna mar Fhánaid, áit ina bhfuil an togra á reachtáil trí mheán na Gaeilge, ní hamháin go bhuil tionchar an-mhaith eacnamaíoch aige ar an gceantar ach go bhfuil tionchar an-mhaith teanga agus cultúr ann agus táimid ag iarraidh go mbeidh sé sin amhlaidh i ngach ceantar.

Táimid ag obair leis an bpobal ar thograí chaipitil. Tá thart ar 14 tógra chaipitil atá in áit nó a bheidh in áit ó Cheann Fhánada síos go dtí Port Láirge sna blianta beaga amach romhainn.

Rud eile atá fíorthábachtach dúinn agus lárnach dár straitéis ná an tionscnamh ar a dtugaimid Diaspora na Gaeltachta air. Tá go leor daoine caillte ag na ceantracha Gaeltachta le deich mbliana anuas, go mórmhór nuair a tháinig an lagtrá agus tá go leor daoine atá ag éirí go han-mhaith leo ó thaobh oideachas de agus a fhágann ceantracha Gaeltachta agus atá ag obair in áiteanna eile. Táimid ag rá anois faoi na gteiceanna a luaigh mé agus faoi chomhlachtaí cosúil le Randox Teoranta, Mylan Teoranta agus Freudenburg Medical atá lonnaithe i gceantracha Gaeltachta, go bhfuil postanna ar ardchaighdeán le fáil ach tá sé fíorthábhachtach go mbeadh muid in ann na hoibrithe ar ardchaighdeán agus ar ardcháilíochtaí a fháil.

Is cuid dár straitéis é a bheith ag cumasú daoine óga agus a bheith ag oiliúnt daoine óga ach chomh maith leis sin táimid ag iarraidh teacht ar chuid de mhuintir na Gaeltachta nó daoine a bhfuil luí acu leis an nGaeltacht a d'imigh thar sáile le blianta, leo siúd a mhealladh ar ais mar gheall ar an gcaighdeán maireachtála, an dúchas agus an luíatá acu leis an áit.

Tá a fhios againn go bhfuil saibhreas an-mhór amuigh ansin ó thaobh scileanna agus taithí de agus go bhfuil daoine ann a bhfuil infheistíocht á déanamh acu sna Gaeltachtaí chomh maith. Táimid ag tabhairt faoin tionscnamh seo le ceangail a dhéanamh leis na daoine seo agus le cinntiú go dtuigeann siad go mbeimid in ann tacú leo agus iad a éascú ar ais san áit chomh fada agus is féidir, má thagann siad ar ais. Aithnímid gur acmhainn an-mhór iad.

Rud eile atá fíorthábhachtach dúinn agus a d'aithin muid ná go bhfuil go leor rudaí maithe ag tarlú sna Gaeltachtaí go léir. Tá comhlachtaí den scoth atá ag oibriú ar chaighdeán domhanda ann ach go minic níl a fhios ag daoine go bhfuil siad ag feidhmiú as an nGaeltacht. Tá tairge turasóireachta agus cultúrtha ar chaighdeán domhanda againn agus tá go leor rudaí maithe ag tarlú, ach rud amháin a bhí in easnamh ná branda comónta a d'fhéadfadh muintir na Gaeltachta, tograí, comhlachtaí agus tairgí a úsáid le go n-aithneodh daoine go bhfuil an Gaelteacht fuinniúil, bríomhar agus go bhfuilimid réamhghníomhach. Táimid tar éis an branda seo a chur le chéile agus a úsáid agus tá glactha go han-mhaith leis ag ár gcuid comhlachtaí.

Rinneamar lainseáil air roinnt seachtaine ó shin agus bhí na comhlachtaí agus an pobal páirteach linn sa bhranda seo. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil úinéireacht glactha ag na comhlachtaí agus an pobal air seo agus beimid ag iarraidh an branda seo a chur amach ar fud an domhain le tuilleadh bolscoireacht agus margaíocht dhearfach a dhéanamh don Ghaeltacht.

Tá coibhneasa fíorthábhachtach freisin agus táimid i gcónaí ag obair le dreamanna sa tír seo agus dreamanna thar lear. Tá daoine a bhí thall i dTír Chonaill linn le gairid ó na Scottish Chambers of Commerce Network, an tAire Trádála agus Infheistíochta agus Nuálaíochta na hAlban, Ivan McKee MSP, ina measc. Aithnímid go bhfuil an-cheangal againn i gcomhthéacs an diaspora agus mar sin le háiteanna mar Albain. Aithnímid chomh maith go bhfuil go leor deiseanna chomhoibriú ann i gcomhthéacs an Bhreatimeachta so is sin ceann de na tionscnaimh a thosaigh muid agus beimid ag iarraidh tógáil ar an gceangal sin idir na ceantracha Gaeltachta agus Albain i measc áiteanna eile sna blianta amach romhainn.

Tá sé fíorthábhachtach dúinn go mbeadh na hacmhainní againn leis seo a chur i bhfeidhm. I láthair na huaire, tá 87 duine ag obair le hÚdarás na Gaeltachta, titim mór ó dheich mbliana ó shin nuair a bhí timpeall 148 ag obair ar bhonn lánaimseartha. Tá foireann maith, réamhghníomhach againn agus táimid ag iarraidh teacht ón lagtrá le roinnt blianta mar is eol don gcoiste agus táimid an-sásta a rá go bhfuil méadú €1.5 milliún ag teacht ar ár mbuiséad caipitil don mbliain seo chugainn. Is é sin ardú ó €7 milliún i mbliana. Tá sé ráite go mbeimid ag dul i dtreo €12 milliún thar tréimhse blianta so is dul chun cinn maith é seo.

As an mbuiséad caipitil sin, cuireann sé ar ár gcumas deontaisí a chur ar fáil, scaranna a infheistiú, infheistíocht a dhéanamh inár gcuid foirgnimh agus ligeann sé dúinn oiliúnt agus cumasú a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta. An tarna rud ansin ná go bhfuil an buiséad reatha atá againn ardaithe beagán go €9.4 milliún don mbliain seo chugainn agus clúdaíonn sé sin rudaí ar nós na costasaí foirne agus costasaí pinsin atá againn. Tá sé fíorthábhachtach mar téann sciar an-mhór de sin go cothabháil na bhfoirgneamh. Tá stór maith foirgnimh againn sa Ghaeltacht agus tá siad an-thábhachtach chun daoine a mhealladh isteach ach tá siad sean ag an tráth seo agus go leor cothabháill ag teastáil agus tá an buiséad sin fíorthábhachtach ariamh fiú cothabháil bunúsach a dhéanamh ar na foirgnimh agus na heastáit ghnó atá againn.

Ceannteidil fíorthábhachtach atá sa straitéis ná forbairt pobail agus cultúr. Luaigh mé an infheistíocht a dhéanann muid i 31 comharchumann, an dhá thogra forbartha pobail agus sna fochomhlachtaí muintir agus ealaín na Gaeltachta. Cuirimid airgead i dtreo ár gcómhpháirtí Comhar Naíonraí na Gaeltachta freisin agus tá sé sin ardaithe go dtí €3.8 milliún don mbliain seo chugainn, méadú de €500,000 ón mbuiséad a bhí ar fáil don ghné sin i rith na bliana seo. Tá sé measta go mbeidh togra de €2.2 milliún i gcomhair an phróisis phleanála teanga. Is rud é sin atá leanúnach agus atá á thabhairt chun cinn agus muid ag dul i dtreo físe an phlean teanga agus an triall ar mhaithe le seirbhísí Gaeltachta ach tá buiséad ar leith a fhaighimid ón Roinn le haghaidh sin.

Tá mé thar a bheith buíoch don gcoiste as ucht an am agus an deis chun príomhghnéithe ár straitéis a chur os comhair an choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.