Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:05 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Tá mapa ar an scaileán a thaispeánann an chaoi ina bhfuil na pleananna seo scaipthe amach agus na cinn atá ceadaithe, atá réidh le ceadú, agus mar sin de. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh. Tá páirtíocht an-mhaith faighte ó na pobail éagsúla. Tá úinéireacht tógtha ag na pobail ar an bpróiseas pleanála teanga seo ag obair i gcomhar linn agus i gcomhar le dreamanna ábhartha eile. Tá sé fíorthábhachtach gur ghlac na pobail úinéireacht air seo ó thaobh iad a chur le chéile agus, anois, iad a chur i bhfeidhm.

San earnáil seo cuireann muid an-bhéim, trí na fochomhlachtaí atá againn, ar rudaí ar nós na healaíon. Tá Ealaín na Gaeltachta mar fhochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta. Tá sé an-ghníomhach i gcur chun cinn na healaíon trí na Gaeltachtaí go léir. Bhí an maoiniú bunlíne a bhí aige i mbliana ar €700,000. Bhí €350,000 de sin ag teacht ó Údarás na Gaeltachta agus €350,000 ón gComhairle Ealaíon. Tá €325,000 breise díreach curtha ar fáil ag an Roinn le go mbeidh Ealaín na Gaeltacht in ann díriú isteach ar na healaíona traidisiúnta - ceol, amhránaíocht, damhsa, agus mar sin - agus iad a chur chun cinn i measc na hóige sna pobail Ghaeltachta go léir.

Is fochomhlacht eile atá againn ná Muintearas teoranta, atá an-ghníomhach ó thaobh seirbhísí óige a chur ar fáil. Thug sé Óige na Gaeltachta ar chuid den chomhlacht sin. Tá sé gníomhach ó thaobh cúrsaí oiliúna, cúrsaí oideachais agus luathoideachais, agus cúrsaí forbartha pobail de. I mbliana chuir muid €605,000 ar fáil mar mhaoiniú le tacú leis an obair sin. Oibríonn muid i bpairtnéireacht le Comhar Naíonraí na Gaeltachta chomh maith. Tar éis nach bhfuil sé mar fhochomhlacht againn, tá sé mar phairtnéir againn. Chuir muid tacaíocht de €535,000 ar fáil dó i mbliana. Tá an Roinn tar éis €270,000 breise a chur ar fáil le go mbeidh sé in ann díriú níos mó ar chúrsaí luathoideachais. Tá 96 seirbhís luathoideachais á gcur ar fáil ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta i láthair na huaire atá ag freastal ar 1,200 páiste tríd na ceantair Ghaeltachta éagsúla. San earnáil seo chomh maith, tugann muid tacaíocht do 31 comharchumainn Ghaeltachta agus do dhá chomhlacht forbartha pobail. An bhliain seo chugainn beimid ag cur tacaíocht de os cionn €2 milliún ar fáil do na comharchumainn seo le tacú leo ina gcuid imeachtaí agus ina gcuid reachtála.

Táimid ag déanamh athbhreithniú ar ról na gcomharchumann i láthair na huaire mar tá siad lárnach dúinn agus muid ag cur ár straitéis chun cinn. Feicimid an ról lárnach atá ag cuid acu cheana féin agus a bheidh ag cuid eile ó thaobh gnéithe mar an phleanáil teanga, cur chun cinn na turasóireachta cultúrtha, cur chun cinn cuid de na moltaí digiteacha atá á fhorbairt againn agus cur chun cinn rudaí ar nós fuinneamh inathnuaite agus turasóireacht cultúrtha eile faoi na coláistí Gaeilge.

Sa réimse leathan seo bímid freagrach as reachtáil scéimeanna fostaíochta de chineálacha éagsúla agus i láthair na huaire tá díreach os cionn 1,000 oibrí fostaithe ar scéimeanna faoi na Gaeltachtaí éagsúla faoi scáth Údarás na Gaeltachta.

Tagraím don eacnamaíocht. Tá cuspóirí dúshlánacha leagtha síos againn do thréimhse trí bliana an phlean seo. Ina measc sin, táimid ag rá go mbeimid ag cruthú 1,500 post nua sa trí bliana sin ag tosnú ag tús na bliana seo agus is dócha go bhfuilimid sásta a bheith in ann a rá, agus muid ag teacht chuig deireadh an chéad bhliain go bhfuilimid ag baint an chuspóra amach agus go mbeidh suas le tríú de na postanna sin ceadaithe againn ag deireadh na bliana seo.

Dúirt mé go raibh 7,500 post lán ama ar an talamh againn ag deireadh na bliana seo caite agus postanna iad sin atá ag feidhmiú ar an talamh. Tuigfidh an coiste go gcaillimid postanna sa ghnáthshlí agus go mbíonn postanna ag teacht agus ag imeacht ach go bhfuil sé fíorthábhachtach dúinn a bheith ag méadú na bunlíne. Mar sin táimid ag rá go mbeidh 8,000 post lán ama ar an talamh ag deireadh 2020. Is é sin méadú de 500 ón méid a bhí ann ag deireadh na bliana seo caite.

Mar a luaigh mé roimhe, beidh 29 plean teanga ullmhaithe agus á feidhmiú. Tá an easpórtáil fíorthábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de chomh maith. Tá sé dúshlánach ach feiceann an coiste an méid atá á easpórtáil cheana féin agus tá sé mar chuspóir againn é sin a mhéadú faoi 20% agus go mbeidh an 31ú eagrais phobail ag feidhmiú go héifeachtach agus go lárnach i gcur i bhfeidhm ár straitéis faoi cheann deireadh na tréimhse seo.

Tá roinnt tosaíochtaí straitéiseacha a táimid ag iarraidh a chur chun cinn fíorthábhachtach do na ceantracha Gaeltachta go léir. Mar shampla, tá ceann tábhachtach suite in iarthar Chonamara darbh ainm Páirc na Mara agus tá 20 acra talún ag an Údarás ansin a táimid ag iarraidh a fhorbairt mar pháirc chun nuálaíocht agus breis luacha a chur chun cinn in earnáil na mara. Táimid ag tabhairt faoin obair sin i láthair na huaire. Beidh sé sin thar a bheith tábhachtach agus táimid ag súil go bhféadfadh suas le 300 post a bheith lonnaithe ar an bpáirc nuair atá sé forbartha ina iomlán.

Táimid ag obair air seo i gcomhpháirtíocht le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Foras na Mara, Bord Iascaigh Mhara, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Teagasc agus Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Is cur chuige comhpháirtíocht atá anseo. Táimid i mbun na stáidéir ábhartha i láthair na huaire agus beimid ag iarraidh dul isteach ar masterplan iomlán don pháirc i lár na bliana seo chugainn. Beimid féin, ár gcomhpháirtithe agus an earnáil phríobháideach ag déanamh infheistíocht suntasach ann. Beidh sé seo an-tábhachtach dúinn, ní hamháin i gceantar tearcfhorbartha mar atá in iarthar Chonamara ach beidh na gníomhaíochtaí atá ar siúl anseo tábhachtach go réigiúnach agus go náisiúnta. Tá an páirc seo luaite i rudaí cosúil leis an National Policy Statement on the Bioeconomy, in Harnessing our Ocean Wealth and an Straitéis Náisiúnta Taighde agus Nuálaíochta Muirí 2017-2021.

Tosaíocht fíorthábhachtach eile a táimid ag iarraidh a chur chun cinn ná gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, branda na Gaeltachta, diaspora na Gaeltachta agus scéim bainistíochta turasóireachta. Rinne mé cur síos ansin ar Pháirc na Mara agus bheadh súil againn a bheith in ann tosú i mbun forbairt na páirce agus i mbun fostaíocht a chruthú faoi dheireadh na bliana seo chugainn má tá gach rud ag dul i gceart.

Maidir le gteic, nó gréasán digiteach na Gaeltachta. Aithnímid go bhfuil féidirtheachtaí an-mhaith i gcomhar ceantracha tuaithe ach iad a bheith ceangailte le leathanbhanda agus fáil acu ar spás oifige maith. Tá muid chun 32 aonad a bhunadh ó Carrigart i dtuaisceart Tír Chonaill síos go dtí an Sean Phobal i bPort Láirge. Beidh na hoileáin mhara san áireamh. Beidh digital hubs nó moil digiteach á fhorbairt againn sna ceantracha seo. Beidh siad seo fíorthábhachtach le go mbeimid in ann fiontraíocht agus nuálaíocht á chur chun cinn. Beidh fiontraithe agus daoine atá ag iarraidh tabhairt faoi ghnóthaí in ann é sin a dhéanamh sna ceantracha seo, gan a bheith faoi aon mhíbhuntáiste mar cinnteoimid go mbeidh spás oifige agus leathanbhanda den chaighdeán is airde acu.

Rud eile a bheidh tábhachtach dár gceantracha agus atá lárnach dár straitéis ná an rud ar a dtugtar an cianoibriú nó remote working uirthi. Tá sé aitheanta againn go bhfuil caighdeán maireachtála an-mhaith ó thaobh imshaol agus cultúr ar go leor bealaí ag na ceantracha Gaeltachta agus mar sin táimid ag iarraidh daoine a mhealladh abhaile lena chuid postanna. An rud atá ag tarlú anois ná má i gcás gteic @Gaoth Dobhair mar shampla, tá daoine ansin a bhí ag obair i Londain, in Oslo, i nGlaschú agus i mBaile Átha Cliath atá in ann lonnú sa bhaile anois agus a bheith ag oibriú ó gteic @Gaoth Dobhair gan a bheith faoi aon mhíbhuntáiste. Fiú bhíomar i gteic an seachtain seo caite agus bhí fear atá lonnaithe ansin i mbun chomhdháil lena chomhlacht in Oslo agus bhí an leathanbhanda níos fearr i nGaoth Dobhair ná a bhí sé in Oslo an lá sin. Táimid ag taispeáint gur féidir-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.