Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta
5:05 pm
Mr. Micheál Ó hÉanaigh:
Tá. Tagann €502 milliún, nó 60% den aschur iomlán, ó easpórtáil. Tá caiteachas de €425 milliún ag dul díreach isteach sa gheilleagar. Tá €101 milliún á íoc mar phárolla do na fostaithe sna gnólachtaí seo. Tugann na comhlachtaí sin €77 milliún as an bhfigiúr sin ar ais don Státchiste in íocaíochtaí cánach.
Ó thaobh an phleanáil teanga agus cur chun cinn na teanga, bímid ag obair ar bhonn leanúnach le Pobal agus lenár gcuid cliaintchomhlachtaí maidir leis an teanga a chur chun cinn agus maidir le pleananna teanga a chur i bhfeidhm. Le gairid anois táimid imithe i mbun próisis fhíordhúshlánaigh, is é sin próiseas foirmeálta pleanála teanga. Tá 26 limistéar pleanála teanga tríd na Gaeltachtaí éagsúla agus tá trí bhaile seirbhíse ann freisin. Ó thosaigh muid air seo ag tús tréimhse na straitéise seo, tá 13 phlean teanga ceadaithe agus réidh le feidhmiú. Tá ceathrar oifigeach pleanála teanga a bheidh fostaithe ar an talamh faoi cheann dheireadh na míosa seo. Tá próiseas earcaíochta ar siúl le haghaidh ceathrar oifigeach eile. Ag deireadh 2018 beidh 13 phlean teanga á gcur i bhfeidhm. Faoi dheireadh 2019 beidh 23 plean teanga, bunaithe ar na limistéir pleanála teanga pobail, agus baile seirbhíse amháin á gcur i bhfeidhm. Faoi cheann dheireadh 2020, beidh pleananna teanga á gcur i bhfeidhm sna 26 limistéar pleanála teanga agus sa trí bhaile seirbhíse atá aitheanta sa phróiseas seo.
No comments