Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 November 2018

Seanad Public Consultation Committee

Small and Medium-Sized Enterprises: Discussion

2:30 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Táimid thar a bheith sásta an deis seo a fháil ó na Seanadóirí agus an Cathaoirleach a bheith anseo ag labhairt thar cheann Údarás na Gaeltachta, an t-eagras forbartha réigiúnach a bhfuil freagracht aige as forbairt eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na ceantracha Gaeltachta tríd an oileán. Táimid mar eagraíocht freagrach as réigiún atá ag síniú ó Dhún na nGall síos go dtí Port Láirge agus trasna go Contae na Mí, le píosaí de seacht gcontae ar fad a bhfuil daonra de 100,000 duine ann agus ar ceantracha tuaithe imeallacha iad don chuid is mó.

Tá dhá príomhchuid den straitéis atá againn, taobh amháin atá dírithe ar caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge agus an cultúr agus tá sé sin fíor-thábhachtach dúinn. Is é an taobh eile ná cur chun cinn nuálaíocht agus fiontraíocht agus tá sé mar aidhm againn cultúr láidir fiontraíochta agus nuálaíochta a chur chun cinn faoi na ceantracha Gaeltachta ag cumasú foireann agus lucht saothair na Gaeltachta agus ag baint tairbhe as na hacmhainní saibhre atá againn faoi na ceantracha Gaeltachta go léir.

Tá taithí fada againn mar eagraíocht ag plé le comhlachtaí beaga agus meán mhéide. Tá eolas againn thar na blianta ar na riachtanaisí éagsúla tacú agus tugaimid tacaíocht suntasacha do no comhlachtaí seo, comhlachtaí dúchasacha agus comhlachtaí a thagann isteach ón taobh amuigh.

Is féidir a rá go bhfuil an ról againn sa Ghaeltacht agus atá ag eagraíochtaí cosúil le IDA Ireland, Enterprise Ireland, na local enterprise offices, LEOs, ague eile taobh amuigh den Ghaeltacht, go bhfuil siad sin ar fad faoinár gcúram. Is comhlachtaí a fhostaíonn níos lú ná deichniúr iad 83% dár gcuid cliant-chomhlachtaí, sin 752 gnó ar fad. Tá os cionn 19 cliant-chomhlacht ar fad againn a thugann fostaíocht lán-aimseartha do 7,503 duine agus fostaíocht páirt-aimseartha do 615 duine. Bhí sé sin ag deireadh na bliana 2017. Tá 97% dár gcuid cliant-chomhlachtaí a bhfuil níos lú ná 50 duine fostaithe acu agus tá siad sin ag soláthar 60% den fhostaíocht iomlán atá againn.

Taispeánann sé sin go bhfuilimid dírithe go príomha ar chomhlachtaí nó gnóthaí atá beag agus tá na comhlachtaí seo lonnaithe sna ceantracha Gaeltachta, ceantracha atá imeallach agus ceantracha tuaithe, mar a dúirt mé. Tá cleachtadh maith againn a bheith ag plé le fiontraithe atá ag dul i ngleic agus ag déileáil le na cúinsí uilig a bhaineann leis an iargúltacht seo, ach é sin ráite, is féidir a rá go bhfuil ag éirí go han-mhaith le na comhlachtaí seo agus go bhfuil samplaí an-mhaith de chomhlachtaí a bhfuil ag éirí go fíor-mhaith leo. Ag tacú le fiontraithe agus gnóthaí, bímid i gcónaí ag obair le spreagadh a thabhairt dóibh agus le deiseanna a thabhairt dóibh trí na tacaíochtaí éagsúla a thugann muid i bhfoirm deontaisí, traenála, deontaisí caipitil, deontaisí fostaíochta, táimid in ann scarranna a chur isteach i gcomhlachtaí, cuirimid an scéim líon i bhfeidhm agus déanaimid taighde agus forbairt.

Táimid ag iarraidh gach deis a thógáil chun éascaíocht a dhéanamh agus an riosca a laghdú do na comhlachtaí a bhfuilimid ag plé leo.

Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh muid ag cur comhairle agus saineolas ar fail ónár n-eagraíocht féin nó ó eagraíochtaí eile. Tá comhoibriú an-mhaith againn le heagrais cosúil le Fiontar Éireann agus an Western Development Commission. Luaigh an cainteoir romham comhghuaillíocht agus pairtnéireacht. Tá sé sin lárnach i ngach rud a dhéanann muidne. Tarraingímid ar na háiseanna agus na hacmhainní go léir gur féidir linn chun buntáiste a fháil dár gcuid comhlachtaí. Is dóigh gurb é an rud atá i gceist ná go mbeadh muid ag méadú an chumais sna comhlachtaí, a gcumas tairgeachta, airgeadais, díolacháin, margaíochta, agus logistics san áireamh. Tá siad seo uilig fíorthábhachtach.

Tá cúrsaí bunstruchtúir fíorthábhachtach sna ceantair a bhfuil muid ag déileáil leo. Tá tábhacht ar leith ag baint le bunstruchtúr a chur ar fáil sna ceantair imeallacha seo a bhfuil muid ag baint leo. Tá dúshláin ar leith ann agus muid ag iarraidh bóithre, uisce agus séarachas den chaighdeán is airde a bheith ar fáil. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh foirgnimh de chaighdeán maith ar fáil sna ceantair tuaithe seo. Is deacracht é sin mar níl an earnáil phríobháideach le dul ag teacht isteach agus an riosca a ghlacadh foirgnimh, réamh-mhonarcháin, ná réamh-oifigí a chur i gceantair tuaithe. Bíonn ar Údarás na Gaeltachta é sin a dhéanamh mar ionadaithe an Stáit. Agus é sin ráite tá sé cruthaithe gur féidir le cliaint forbairt agus gur féidir linn cliaint a mhealladh isteach nuair a chuireann muid na foirgnimh in áit. Tá samplaí den chéad scoth againn ar fud na Gaeltachtaí de chomhlachtaí dúchasacha a d'fhás faoi go raibh na háiseanna seo ar fáil agus de chomhlachtaí a raibh muid in ann a mhealladh isteach ón taobh amuigh.

Is dúshlán an-mhór a bhfuil muid ag déileáil leis sna ceantair tuaithe ná an leathanbhanda. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an ceangal ann, go mórmhór do na comhlachtaí beaga a bhfuil muid ag déileáil leo atá ag brath ar an tseirbhís leathanbhanda a bheith curtha ar fáil dóibh. Tá sé riachtanach sa ghnó atá acu. Go mórmhór i gcomhthéacs na béime atá ag teacht ar rudaí ar nós trádáil ar líne tá sé fíorthábhachtach nach mbeadh comhlachtaí i gceantair imeallacha tuaithe ar a ngannchuid mar gheall ar an imeallachas sin. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh siad in ann leas a bhaint as an leathanbhanda chomh maith le daoine istigh sna bailte móra agus áiteanna níos lárnaí.

Ceann de na rudaí atáimid ag déanamh chun dul i ngleic leis sin ná go bhfuilimid ag bunú an gréasán gteic do mhoil digiteacha, ná digital hubs, ar fud na Gaeltachtaí éagsúla. Beidh 30 láthair againn a chinnteoidh go mbeidh spás oifige agus teacht ar sheirbhís leathanbhanda den chéad scoth. Sin cuid dár straitéis ag iarraidh nualaíocht, fiontar agus an cianoibriú a chur chun cinn sna ceantair seo. Tá caighdeán maireachtála an-mhaith againn sna ceantair tuaithe Gaeltachta seo. Táimid ag iarraidh daoine a mhealladh abhaile lena gclanna le postanna a ghlacadh, gnólachtaí a thosnú, agus a gcuid postanna a thabairt abhaile leo mar chianoibrithe. Cuideoidh na moil digiteacha seo linn é sin a dhéanamh.

Tá an talann agus scileanna fíorthábhachtach le gnólachtaí a bhunú agus do na comhlachtaí atá lonnaithe sna Gaeltachtaí chomh maith. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidis in ann teacht ar an talann agus na scileanna. Bíonn muid i gcónaí ag obair le daoine óga a mhealladh. Bímid istigh sna scoileanna lenár gclár comhlachtaí agus junior achievement. Bímid ag cur scéimeanna forbartha bainistíochta ar fáil agus ag cur scoláireachtaí ar fáil do scoláirí le scileanna a fháil. Táimid i gcónaí ag obair le cumasú a dhéanamh le cinntiú go mbeidh daoine ann le na postanna a ghlacadh.

Tá ag éirí go maith linn comhlachtaí a mhealladh isteach sa Ghaeltacht ach tá sé fíorthábhachtach a chinntiú go bhfuil na daoine lena scileanna ceart ann agus is dúshlán é sin. Bhí an brain drain i bhfeidhm go mór sa Ghaeltacht, go mórmhór le linn an lagthrátha. Táimid anois ag obair trí thogra diaspóra na Gaeltachta le cuid de na scileanna sin a mhealladh ar ais agus táimid ag iarraidh a bheith ag tógáil scileanna. Tá folúntais againn i go leor de na comhlachtaí atá againn. B'fhéidir go mbíonn daoine ag breathnú ar na rátaí dífhostaíochta ach caithfear cuimhniú go mb'éigean go leor daoine imeacht agus go bhfuil muid ag dul i ngleic agus ag obair le comhlachtaí le na daoine a fháil le cinntiú go mbeidh siad in ann leanacht ar aghaidh chomh héifeachtach agus is féidir sna ceantair Ghaeltachta.

Is ceantair tuaithe is mó a bhfuil muid ag déileáil leo, mar a dúirt mé. Tá míbhuntáistí ag baint leis sin ach tá buntáistí móra ag baint leis chomh maith ó thaobh an chaighdeáin maireachtála. Chomh maith leis sin tá go leor dár straitéis fiontraíochta bunaithe ar fhorbairt acmhainní nadúrtha na Gaeltachta. Cuirimid an-bhéim ar acmhainní mara, acmhainní turasóireachta, acmhainní teanga agus cultúrtha, agus ar rudaí ar nós an fhuinnimh in-athnuaite. Táimid ag obair le comhlachtaí chun cabhrú leo breis luacha a bhaint astu seo ar fad. Tá na foinsí bunábhair ansin más feamainn é, más bradán é, más cúrsaí turasóireachta é, nó más é an teanga é. Tá na bunábhair ansin agus táimid ag obair le comhlachtaí le gur féidir leo breis luacha a bhaint as sin. Tá an múnla oibre seo atá againn maidir le fiontraíocht áitiúil agus na hacmhainní nadúrtha aitiúla ag oibriú dúinn agus ag cruthú an fhostaíocht sin a luaigh mé níos luaithe.

Tá ár straitéis atá leagtha amach dúinn don trí bliana seo ó 2018 go 2020 dúshlánach go maith. Táimid ag iarraidh 1,500 post nua a chruthú le linn an achar sin. Tá an chéad bhliain de sin caite agus táimid ag baint amach na cuspóirí. Táimid ag iarraidh in áit 7,500 post lánama a bheith ar an talamh go mbeidh 8,000 post lánama ar an talamh faoi dheireadh 2020. Táimid ag cur roinnt tosaíochtaí straitéiseacha chun cinn. Luaigh mé gteic agus na moil digiteacha. Luaigh mé an diaspóra mar thogra straitéiseach. Táímid ag forbairt branda Gaeltachta le haitheantas a thabhairt do na rudaí maithe go léir atá ag tarlú sa Ghaeltacht agus le cabhrú linn an scéal a fháil amach ansin. Táimid ag tabhairt faoin turasóireacht mar rud straitéiseach agus táimid ag tabhairt faoi Pháirc na Mara mar thogra straitéiseach in iarthar Chonamara a bheas ag díriú ar gach ghné de bhreis luacha agus taighde ó thaobh chursaí mara.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.