Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Atógáil)

4:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tar éis dom bheith athcheaptha mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, tá áthas orm an deis seo a fháil léargas a thabhairt faoin phlean gníomhaíochta 2018–22 d'fheidmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Sheol mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Joe McHugh, an plean gníomhaíochta go hoifigiúil thar ceann an Rialtais i mí an Mheithimh na bliana seo. Mar a dúirt an Cathaoirleach, bhí an tAire Stáit i láthair ag an gcomhchoiste seo ar 3 Iúil 2018 le léargas a thabhairt don choiste faoin bplean. Is é an plean gníomhaíochta 2018-22 an bhunchloch don todhchaí. Is ann a leagtar amach cad atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse go 2022 chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi leith atá sa straitéis 20 bliain.

Ag croílár an phlean gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an mhéid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar cúig bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart agus luaitear chomh maith na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm. Déantar cur síos ann chomh maith ar an gcur chuige úr a bheidh i bhfeidhm maidir le cúrsaí monatóireachta, ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar an chomhpháirtíocht agus ar an gcomhúinéireacht is gá a bheith ann chun go mbeidh rath ag ár n-iarrachtaí uile. Feicfear ón bplean chomh maith go leagtar amach ann cad a dhéanfaidh Ranna agus forais eile Stáit ar leas na teanga thar an tréimhse. I measc na bhforas Stáit sin, luafainn go háirithe an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, RTÉ, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cé nár tháinig an plean gníomhaíochta ar an saol go dtí mí an Mheithimh, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin chun tús a chur lena chur i bhfeidhm. Tá an coiste stiúrtha a bheidh freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus dul chun cinn an phlean bunaithe anois. Tharla an chéad chruinniú den choiste stiúrtha ag Oireachtas na Samhna an tseachtain seo caite. I gcomhréir le beart 8.1 den phlean gníomhaíochta, is cúis áthais ar leith dom é go bhfuil €1.5 milliún breise i maoiniú caipitil curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn. Fágann sé sin gurb é €8.5 milliún an bhunlíne nua caipitil i mbuiséad 2019 a bheidh ag an údarás, i gcomparáid le €5.687 milliún in 2016. Tá €500,000 breise ceadaithe don chlár tacaíochtaí pobail agus teanga de chuid mo Roinne féin do 2019. Ciallóidh sé sin go mbeidh ciste breise ann chun cabhrú tuilleadh le gnóthaí teanga agus pobail sa Ghaeltacht an bhliain seo chugainn. Tá soláthar €600,000 breise ar fáil don phleanáil teanga do 2019, rud a fhágann go mbeidh €3.25 milliún in iomlán ar fáil an bhliain seo chugainn. As an 26 limistéar pleanála teanga Ghaeltachta tá 13 phlean ceadaithe cheana féin. Tá súil againn go mbeidh péire eile ceadaithe roimh dheireadh na bliana seo.

Chun tacú leis an bpróiseas, tá cúram á dhéanamh againn de roinnt rudaí ar bhonn lárnach mar a bhaineann sé leis an luathoideachas, an teaghlach, na healaíona traidisiúnta agus gnóthaí óige. Mar shampla, tá allúntas suas le €1,027,613 ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta don tréimhse idir 2018 agus 2020 ionas go bhféadfaidís leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta. Tá allúntas breise de €810,000 ceadaithe do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta don tréimhse idir 2018 agus 2020 ionas go mbeidh an eagraíocht in ann leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do sheirbhísí luathbhlianta na Gaeltachta.

Tá allúntas suas le €325,000 ceadaithe d'Ealaín na Gaeltachta chun clár gníomhaíochtaí sna healaíona traidisiúnta a chur chun cinn i measc daoine óga sa Ghaeltacht. Tá maoiniú breise curtha ar fáil do scéim na gcúntóirí teanga sa scoilbhliain reatha ionas go mbeidh cúntóir i ngach scoil Ghaeltachta atá páirteach i scéim aitheantais na Roinne Oideachais agus Scileanna. Ina theannta sin, beidh torthaí an athbhreithnithe ar an scéim faoi lámh ag an Roinn go gairid. Beifear in ann breathnú an tráth sin ar na bealaí a bhféadfaí an scéim a threisiú tuilleadh i gcomhar le páirtithe leasmhara. Tá maoiniú breise curtha ar fáil do scéim na gcampaí samhraidh ar mhaithe leis an teanga a shaibhriú i measc daoine óga sa nGaeltacht. Tá soláthair breise de €580,000 ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge do 2019 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Fágann sé seo go mbeidh soláthar iomlán de €4.8 milliún ar fáil do 2019.

Is bliain speisialta í Bliain na Gaeilge 2018 chun ár dteanga dhúchais a chur i lár an aonaigh, sa bhaile agus thar lear. Bhí an Taoiseach agus an Rialtas an-sásta tacú go hiomlán le Bliain na Gaeilge 2018 ós rud é go luíonn sé go nádúrtha leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus lenár n-aidhm polasaí i leith úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú de réir a chéile. Mar gheall ar an tsuim mhór sa phobal trí chéile inti, bhí an-éileamh ar na scéimeanna a reáchtáladh don bhliain. Dá réir sin, bhí mé thar a bheith sásta an bunmhaoiniú do Bhliain na Gaeilge 2018 a mhéadú go €537,000 le gairid.

Is léir go bhfuil beart á dhéanamh de réir briathair cheana féin mar a bhaineann sé le cur chun feidhme an phlean seo agus go gcuirfear dlús le rudaí de thoradh na hinfheistíochta breise. Níl amhras ar bith orm ach dá mhéad a n-aithnítear an chomhpháirtíocht agus an chomhúinéireacht a bhfuil an plean gníomhaíochta tógtha air, is ea is fearr a n-éireoidh lenár gcuid iarrachtaí ar fad. Is mian liom an deis seo a thapú mo bhuíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe Rialtais sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, sa Roinn Oideachais agus Scileanna, agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as a gcomhoibriú sa chúram seo. Tá súil agam go mbeidh plé spéisiúil againn, a chuirfidh lenár dtuiscint faoin rud is cás linn uile sa chúram seo – an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.