Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 October 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

4:00 pm

Mr. GearĂ³id Mac Donncha:

Déanfaidh mé iarracht orthu sin ar fad. Ar dtús báire, gabhaim buíochas don Teachta as na rudaí deasa a dúirt sé faoin tseirbhís. Táimid an-bhródúil as an méid a dhéanaimid. Tá an-fhoireann ag obair i Raidió na Gaeltachta. Tá siad fuinniúil, tá samhlaíocht acu agus níl cur síos ar an méid oibre a dhéanann siad chun na cláracha a dhéanaimid a chur i dtoll a chéile ar son an lucht éisteachta atá againn.

Tosnóidh mé leis an bpróiséas a luaigh an Teachta níos luaithe. Bhí an Teachta Ó Cuív ag caint níos luaithe faoin tseirbhís náisiúnta freisin. Táimid ag iarraidh an dá rud a dhéanamh ar bhealach. Is seirbhís náisiúnta muid ach ag an am céanna is ceann de na seirbhísí is tábhachtaí é Raidió na Gaeltachta sna ceantair Gaeltachta. Bunaíodh Raidió na Gaeltachta an chéad lá riamh le seirbhís a chur ar fáil do na pobail Ghaeltachta agus bhí an tseirbhís fíor-réigiúnach ag an am sin. Sin an áit ina bhfuil go leor den lucht éisteachta atá againn agus bheadh sé faillíoch orainn gan a bheith ag clúdach scéalta a bhaineann go sonrach leis na ceantair áirithe sin. Tá úinéireacht ag go leor de phobail na Gaeltachta ar an radio. Fiú agus mé ag rá "ar an radio", sin a deirtear i gConamara, i dTír Chonaill agus in áiteanna eile - "ar airigh tú ar an radio é?" - mar tá úinéireacht acu air. Mura gclúdóimid go leor de na scéalta áitiúla sin ar an radio táimid ag cailleadh cuid den lucht éisteachta atá ansin agus atá dílis chugainn an t-am ar fad. Is deacracht í agus is rud fíor-dhúshlánach é an chothromaíocht a fháil idir an dá rud. Ins an straitéis atá againn, dírímid ar an nuacht áitiúil agus ar na cláracha irise, ar nós "Iris Aniar", "Barrscéalta" agus "An Saol Ó Dheas". Taobh amuigh de na hamanta sin déanaimid iarracht dul ag caint le pobal atá níos leithne ná sin, daoine a bhfuil Gaeilge acu agus nach bhfuil aon bhaint acu le haon cheantar Gaeltachta ná aon suim acu ann. Tá samplaí ann ar nós an clár atá ag "Rónán Beo @3" mar shampla. Tá Rónán Mac Aodha Buí ann ó a 3 p.m. go dtí a 5 p.m. Déardaoin agus Dé hAoine. Is cuma cé as daoine nó cá bhfuil siad ina cónaí, bíodh siad thar lear fiú, cuireann daoine suim ins na hábhair atá aige. Más as na Doirí Beaga, Conamara nó Baile na nGall daoine, cuirfidh siad suim sa chlár chomh maith. Táimid ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, rud nach bhfuil an-éasca a dhéanamh ach ní dóigh liom ach an oiread gur ceart dúinn a bheith leithscéalach faoi sin a dhéanamh mar tá na pobail Gaeltachta fíor-thábhachtach don tseirbhís atá againn mar sin an fáth go bhfuilimid ann.

Tá 84 duine ag obair do Raidió na Gaeltachta faoi láthair. Bhí sé níos airde. Thart ar 2008 bhí suas chuig 118 nó 120 againn. Tá an figiúr sin laghdaithe le roinnt blianta anuas. Chaill muid seachtar ar phacáistí iomarcaíochta i dtús na bliana seo agus tháinig laghdú ar an bhfoireann. Ó thaobh achmhainní de, tá go leor oibre déanta againn leis an sceideal atá againn faoi láthair agus ceann de na rudaí atá déanta againn ná go bhfuil cás déanta do na-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.