Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 October 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

4:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Gabhaim míle buíochas leo as teacht isteach. Tagann seirbhís iontach ó Raidió na Gaeltachta lá i ndiaidh lae. Is é Raidió na Gaeltachta an t-aon fhoinse Ghaeilge atá ag go leor daoine atá ina gcónaí sa tír seo. Níl aon áit eile inar féidir leo cur i láthair a fháil mar gheall ar an saol bríomhar Gaelach atá ann. Níl aon dabht ach go ndéanann Raidió na Gaeltachta go leor obair iontach.

Briseann sé mo chroí nach dtagann Teachtaí Dála ó Fhine Gael agus ón Rialtas go dtí na cruinnithe seo chomh minic agus ba cheart dóibh chun éisteacht a thabhairt don mhéid a bhíonn le rá ag na finnéithe éagsúla. I mo thuairim, bheadh tionchar níos dearfaí acu ar Airí agus Airí Stáit dá mbeidís tar éis teacht anseo.

Tá mise tar éis cuairt a thabhairt ar go leor oifigí de chuid Raidió na Gaeltachta timpeall na tíre thar na blianta. Fiú go bhfuil seirbhís an-mhaith ag teacht ó gach oifig, is creatlach atá ann, i ndáiríre. Tá sé ráite ag na finnéithe go bhfuil 3% den ioncam atá ag RTÉ ag an bomaite ag dul isteach go dtí Raidió na Gaeltachta. Tá sé léirithe sna figiúirí atá leagtha amach acu inniu go bhfuil airgead fíor-íseal i gceist. Taispeánann sé sin cé chomh tábhachtach is a cheapann RTÉ go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus an Ghaeilge i gcoitinne. Tá cláir cosúil le "Adhmhaidin" agus "Cormac ag a Cúig" in iomaíocht le cláir cosúil le "Drivetime" agus an clár atá ag Ivan Yates agus Matt Cooper. Níl na hacmhainní cuí ag cláir Raidió na Gaeltachta ar chor ar bith. Tuigim nach bhfuil ach triúr nó ceathrar ag obair ar "Cormac ag a Cúig", nó nach raibh go dtí seo. Tá duine amháin ar an maidhc, duine eile ag obair mar léiritheoir taobh thiar dó agus duine eile ag obair i ról teicneolaíoch, b'fhéidir.

Is creatlach é sin mar gheall ar seirbhís, má tá Raidió na Gaeltachta ag iarraidh seirbhís chuimsitheach a chur amach, seirbhís atá ar ardchaighdeán agus a mheallann daoine isteach ann. Tá go leor cláracha iontacha ann ach freisin tá go leor amanta go bhfuil fillers ann. Tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ag an bomaite ná atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht agus nuair a thagann scéal suas faoi séarachas in iarthar na Gaillimhe, mar shampla, bíonn sé deacair dúinne éisteacht leis arís agus arís mar ní bhaineann sé le saol nó scéal na tíre.

Tá mé ag iarraidh a fháil amach cad é an fhoireann iomlán atá ag Raidió na Gaeltachta anois agus cén saghas comhréir atá aige i gcomparáid le RTÉ. An bhfuil Raidió na Gaeltachta ag cailleadh forine ó 2010 nó an bhfuil sé ag cur leis? Tá an scéal cloiste agamsa go bhfuil sé ag cailleadh foirne. Bhí Raidió na Gaeltachta i gcónaí i lár an aonaigh nuair a raibh rud éigin mór ag titim amach sa Ghaeltacht. Mar shampla, bhí ócáid mhór i nGaoth Dobhar le Liadh Ní Riada FPE agus bhí cúpla céad daoine ann agus an rud iomlán ar siúl trí Ghaeilge. Bhí ealaíontóirí agus ceoltóirí ann agus ba ocáid mhór í. Tá oifig ag Raidió na Gaeltachta cúpla céad troigh ón amharchlann i nGaoth Dobhar ach fós ní raibh an féidirtheacht ag Raidió na Gaeltachta duine a chur chuig an ócáid sin de bharr an easpa foirne atá aige ag an bomaite. Léiríonn sé sin an easpa suim atá ag an Rialtas seo mar gheall ar an nGaeilge.

Cé mhéad daoine atá ag éisteacht leis an stáisiún? Tá sé níos éasca a fháil amach faoin rún Fatima ná fáil amach faoi cá mhéad daoine atá ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Is léir go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag fáil an t-eolas sin mar nuair a théann na comhlachtaí a dhéanann na suirbhéanna timpeall, faigheann Raidió na Gaeltachta an t-eolas sin.

Tagraím don phámíchothrom. Tá an tUasal Mac Donncha ag déanamh a jab ag freagairt na ceisteanna sa slí ina tá siad freagraithe aige ach i ndáiríre níl aon leithscéal le fáil mar gheall ar dhifear gráid. An bhfuilimid ag rá go bhfuil craolachán Gaeilge ar ghrád níos ísle ná craolachán Béarla? An bhfuil jab níos éasca ag "Adhmaidin" ná mar atá ag "Morning Ireland"? Nach bhfuil siad ag déanamh an rud céanna i ndáiríre? B'fhéidir go bhfuil sé níos deacra do Raidió na Gaeltachta mar go bhfuil an fhoireann i bhfad níos lú. Níl aon leithscéal ar chor ar bith de bharr sin. Bíonn daoine ag caint faoi míchothromas pá mar gheall ar inscne ach tá sé seo le feiceáil mar gheall ar theanga agus níl sé ceart ná cóir in aon slí.

Tagraím don fhreastal ar an aos óg. Tá a fhios agam go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag caint faoi chursaí atá ag titim amach. Tá cúpla cláracha ann atá ag síniú amach a lámh chuig an aos óg gan dabht ach i ndáiríre níl go leor ann. Ba cheart go mbeadh Raidió na Gaeltachta 2 ann. Bhí sé sin geallta arís agus arís eile. Cén stádas atá leis an ngeall sin?

Cad faoi daoine i dTuaisceart na hÉireann? Cad é an tseirbhís atá curtha amach ag Raidió na Gaeltachta go dtí Tuaisceart na hÉireann agus an bhfuil sé ag déanamh aon obair sa Tuaisceart ag an bomaite mar gheall ar foghlaimeoirí na Gaeilge? Bhí mé ag rá go mbíonn Raidió na Gaeltachta giota beag ró-pharóisteach uaireanta. Tá sé tábhachtach díriú isteach ar na Gaeltachtaí gan dabht ach uaireanta bíonn Raidió na Gaeltachta erring ar thaobh raidió aitiúla in ionad raidió náisiúnta.

Níl go leor cláracha fáisnéise ar aon stáisiún raidió in Éirinn agus ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó cláracha cosúil le "The History Show" atá ar RTÉ Raidió 1. Bíonn daoine ag éisteacht leis na cláracha sin gach uile seachtain. Ba cheart do Raidió na Gaeltachta tuilleadh a dhéanamh le nuacht idirnáisiúnta freisin.

Cé go bhfuil cáineadh déanta agam mar gheall ar an tseirbhís, níl mé ag cáineadh na ndaoine atá ag obair ann ar chor ar bith mar tá a fhios agam go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall. Tá caighdeán iontach curtha amach acu agus tá seirbhís iontach tábhachtach agus luachmhar curtha amach ag Raidió na Gaeltachta mar gheall ar na líonraí Gaeilge thart timpeall na tíre. An rud atá do mo cháineadh ná an easpa achmhainní, airgeadais, foirne agus suime atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.