Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 October 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is iad, go deimhin. Sin atá mé ag rá. Is eiseamláir é Raidió na Gaeltachta freisin. B'fhéidir go gcuirfinn roinnt cheisteanna sonracha. Cé mhéad a fhaigheann RTÉ go ginearálta ón gceadúnas? Níl mé ag caint ar aon rud a fhaightear ón sceim Sound and Vision nó ó aon scéim de chuid Údaras Craolacháin na hÉireann. Táim ag caint ar chnapshuim den cheadúnas. Is é an dara ceist ná, cé mhéad de sin a chaitear ar Raidió na Gaeltachta? Cé mhéad a caitheadh ar Raidió na Gaeltachta i mbliana agus cé mhéad a caitheadh air sa bhliain 2010?

Tá an-fháilte roimh an taighde atá á dhéanamh. Tá sé thar a bheith úsáideach. Is dóigh liom go bhfuil an taighde sin déanta go minic i gcomhthéacs chraoladh an Bhéarla. Tá rud amháin faighte amach blianta fada ó shin ó thaobh chraoladh an Bhéarla. Is é sin go bhfuil nósanna éisteachta éagsúla ag daoine óga le hais daoine nach bhfuil chomh hóg. Réitítear an fhadbh sin trí, mar shampla, dhá stáisiún Béarla a bheith ag RTÉ - 2FM agus RTÉ Radio 1 - mar tuigtear nach mar a chéile na nósanna éisteachta.

An bhfuil sé i gceist go mbeidh an deis atá ag RTÉ Béarla ag RTÉ Gaeilge, is é sin dhá chlár a chur ar fáil ag an am céanna, ceann amháin dírithe ar an gcinéal rud atá ar 2 FM agus ceann eile dírithe ar an gcineál rud atá ar RTÉ Radio 1, seachas mar atá i láthair na huaire? Tá Anocht FM ann. Nuair a bhí mise i m'Aire throid mise go mbeadh seirbhís chraolta cairte do dhaoine óga, ach goideann sé ó na daoine nach bhfuil chomh hóg nuair a déantar é mar sin agus, ag an am céanna, níl sé ar fáil nuair a bhíonn sé ó na daoine óga - is é sin i rith an lae nó am ar bith a dteastaíonn sé uathu. Céard iad na pleananna atá ag RTÉ sa todhchaí seirbhís a chur ar fáil d'aos óg na Gaeltachta agus na Gaeilge agus d'aos óg na tíre? Níl an fhadhb a bhíodh ann maidir le tonnta a bheith ar fáil ann go fóill. Tá sé sin leigheasta de bharr cúinsí éagsúla.

An bhféadfadh na finnéithe ceist an-bhunúsach eile a fhreagairt? An áiríonn RTÉ Raidió na Gaeltachta mar stáisiún agus seirbhís náisiúnta? Cuimhin ar an rud atá mé ag rá. An nglacann RTÉ leis gur seirbhís náisiúnta é ar nós RTÉ Radio 1 Béarla nó 2 FM Béarla?

Má aithníonn na finnéithe é sin, cén fáth nach bhfuil an pá agus na scálaí pá ceannann céanna ag na craoltóirí sin agus atá ag an máthairchomhlacht i mBaile Átha Cliath? Cén fáth nach bhfuil liúntas breise ann, de bharr productivity agus de bharr go bhfuil siad ag obair i miontheanga, rud a chuireann i bhfad níos mó antrom agus dua ar dhaoine? B'fhéidir gur leor é sin ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.