Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 October 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta
4:00 pm
Mr. GearĂ³id Mac Donncha:
Glacaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh teacht os a gcomhair inniu chun RTÉ Raidió na Gaeltachta a phlé. In éineacht liom tá Jim Jennings, stiúrthóir ábhair atá ar bhord feidhmeannach RTÉ; agus Rónán Mac an Iomaire, grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ. Tá súil againn go mbeidh muid in ann na ceisteanna ar fad atá ag an gcoiste a fhreagairt eadrainn. Sula dtosaímid ag caint ar an treo ina mbeidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag dul amach anseo, tá sé tábhachtach go mbreathnódh muid siar beagán ar stair na heagraíochta agus ar an áit ina bhfuilimid faoi láthair.
Ceann de na héilimh ba mhó a bhí ag gluaiseacht cearta sibhialta na Gaeltachta i ndeireadh na 1960í agus tús na 1970í ná go mbunófaí stáisiúin raidió. Is as an ngluaiseacht sin a fáisceadh an tseirbhís atá againn inniu. Cuireadh tús leis an gcraoladh Dómhnach Cásca 1972 agus bhí sé de dhualgas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís náisiúnta Gaeilge a chur ar fáil mar chuid den chraoltóir seirbhíse poiblí RTÉ. Tógadh foirgnimh ina raibh oifigí agus stiúideonna i gCasla i gConamara, sna Doirí Beaga i nDún na nGall, agus i mBaile na nGall i gContae Chiarraí agus craoladh ar feadh cúpla uair an chloig gach lá sna ceantair Ghaeltachta sin. Don chéad uair bhí Gaeilgeoirí, ina measc daoine nach raibh aon Bhéarla acu, in ann leas a bhaint as seirbhís raidió. Don chéad uair bhí Gaeilgeoirí ag éisteacht le canúintí eile go laethúil agus ag foghlaim faoi na ceantair Ghaeltachta, na cosúlachtaí a bhí eatarthu agus na dúshláin a bhí rompu. Go minic ba iad na dúshláin chéanna a bhí rompu uilig. Tá go leor ann a déarfadh go raibh bunú an raidió ar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí riamh ag aon rialtas ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe ó thaobh inmharthanacht na Gaeltachta de. Is as sin a fáisceadh an tseirbhís atá againn inniu.
Cá bhfuil muid mar sin? Tá ceanncheathrú Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara agus tá oifigí agus stiúideonna againn sna Doirí Beaga i nDún na nGall, i mBaile na nGall i gContae Chiarraí agus i nDomhnach Broc i gceanncheathrú RTÉ. Baineann muid úsáid as aonad craolta seachtrach, "An Ródaí", agus bíonn muid ag craoladh as ceantair éagsúla fud fad na tíre i rith na bliana ag ócáidí ar nós Comórtas Peile na Gaeltachta, Fleadh Cheoil na hÉireann, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus go leor eile. Tá áiseanna stiúideo againn i mBaile Mhúirne i gCorcaigh, i Rinn Ó gCuanach i bPort Láirge, agus i Ráth Chairn i gContae na Mí. Nuair a thugtar an méid sin ar fad san áireamh léiríonn sé an fócas réigiúnach atá ag an stáisiún. Tá sé sin an-tábhachtach d'fhéiniúlacht na seirbhíse.
Céard a dhéanann muid? Tá Raidió na Gaeltachta ag craoladh 24 huair gach lá agus an stáisiún ar fáil ar FM, DAB, ar ardáin eile chomh maith le cainéil teilifíse agus, ár ndóigh, ar an Idirlíon ar fud an domhain. Cuirtear seirbhís chuimsitheach raidió ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre agus thar lear chomh maith. Bíonn meascán ábhar á chraoladh - cláir cainte den chuid is mó le béim ar chúrsaí reatha agus nuachta, iris-chláir, spóirt agus ábhar luachmhar cartlainne atá againn. Tá ceol fíorthábhachtach sa sceideal agus réimse leathan againn do na héisteoirí, go h-áirid ó thaobh an cheoil thraidisiúnta de.
Maoinítear an stáisiún as an gceadúnas teilifíse, agus bíodh is go dtáinig meath ar an gcóras tacaíochta rí-thábhachtach sin, tá an tseirbhís ar a dícheall le sceideal a chur ar an aer ina bhfuil ábhar éagsúil ann agus atá ag freastal ar riachtanais an phobail, pobal labhartha na Gaeilge, atá ag athrú de shíor.
Ceann de na ceisteanna móra atá againn ná cé atá ag éisteacht linn agus cá bhfuil siad. Ceann de na dúshláin is mó a bhí ag Raidió na Gaeltachta le blianta ná nach raibh aon taighde nó eolas a thabharfadh léargas soiléir ar lucht éisteachta an stáisiúin ná ar mhianta na n-éisteoirí sin. Anois, don chéad uair i stair na seirbhíse, tá tús curtha le roinnt seachtainí le suirbhé éisteachta leanúnach, dírithe go sonrach ar sprioc lucht éisteachta na seirbhíse. Tá muid ag obair i bpáirt le Acadamh na hOllscolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus le TG4 ar an suirbhé seo ar a dtugtar Fios Físe. Tá an suirbhé dírithe ar lucht labhartha na Gaeilge ar fud an oileáin agus beidh muid in ann an t-aiseolas a thiocfaidh ar ais a úsáid le fáil amach cé atá ag éisteacht, cá bhfuil siad agus céard a thaitníonn nó nach dtaitníonn leo.
Nuair a bhreathnaíonn muid ar an daonáireamh is deireanaí, a déanadh i 2016, tugtar le fios go bhfuil beagnach 185,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil nó go seachtainiúil agus is orthu siúd is mó atá muid ag iarraidh a bheith ag díriú. As an 185,000 sin bíonn beagnach 74,000 ag labhairt na Gaeilge go laethúil, 20,586 acu sa Ghaeltacht agus 53,217 acu taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil fás agus forbairt tagtha ar na meáin go ginearálta agus tá athrú an-mhór tagtha ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal labhartha na Gaeilge. Caithfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta an dá rud sin a thógáil san áireamh in aon phleanáil atá muid ag déanamh amach anseo.
Cén straitéis craolta atá againn do na blianta atá amach romhainn? Dúshlán a bhíonn le sárú ag an tseirbhís ná go mbíonn súil ann go mbeidh RTÉ Raidió na Gaeltachta in ann freastal ar chuile dhuine beo a bhfuil Gaeilge acu agus gur cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu, cén aois iad agus cé na suimeanna atá acu.
Is é an baol a bhaineann le bheith ag iarraidh freastal ar chuile dhuine beo ná nach bhfreastalaítear i gceart ar dhuine ar bith. Tá sé le feiceáil i gcraoltóireacht an Bhéarla sa mhéid agus go bhfuil na stáisiúin sin uilig ag díriú ar déimeagrafaic ar leith, réigiún éicint nó genre ceoil éicint. Is é an straitéis atá leagtha amach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó thaobh an chraoladh de ná bunluachanna na seirbhíse a chosaint a oiread agus is féidir. Sin iad nuacht agus cúrsaí reatha, cláir irise, spórt agus ceol. Díríonn muid ar na ceantair Ghaeltachta ar chláir ar nós "Iris Aniar", "Barrscéalta" agus "An Saol ó Dheas", agus ar ndóigh ar an nuacht áitiúil chomh maith, mar go bhfuil muid ann le tacaíocht agus seirbhís áitiúil a chur ar fáil do na ceantair sin. Ag an am céanna cuirtear na scéalta agus an t-ábhar sin i láthair ar bhealach atá oiriúnach do lucht éisteachta atá scaipthe níos leithne ná sin. Bíonn muid in ann díriú ar phobal labhartha na Gaeilge atá níos leithne ná pobal na Gaeltachta, i gcláir ar nós "Adhmhaidin", "Nuacht a hAon", "PléScéal", "Rónán Beo", "Bláthnaid Libh", "An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra", "Rogha na Seachtaine", na cláir cheoil agus go leor eile atá againn.
Is é an dúshlán atá amach romhainn sna blianta atá le teacht i dtaobh an sceidil seo ná an lucht éisteachta dílis atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta a choinneáil linn agus éisteoirí nua a mhealladh ag an am céanna, agus go bhfeicfidh siad uilig go bhfuil seirbhís thairbheach ar fáil dóibh i nGaeilge, go bhfuil rogha acu agus gur fiú dóibh a bheith ag éisteacht. Mar stáisiún, tá sé tábhachtach nach mbeadh faitíos orainn rudaí nua a thriail chun an méid sin a bhaint amach taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil dúinn.
Tá roinnt rudaí nua á thriail againn sa sceideal atá díreach tosaithe againn agus is dóigh linn go bhfuil an tseirbhís níos láidre dá bharr. Roinnt samplaí de na leasuithe sin ná cláir bheo níos luaithe ar an Satharn agus Domhnach le dhá chlár den scoth, tá "Nuacht a hAon" ar ais i lár an lae agus muid ag tabhairt faoi ar bhealach an-difriúil, feasacháin nuachta nua sa tráthnóna ag a 8 p.m. agus 10 p.m., tá roinnt láithreoirí nua ceoil tugtha isteach ar an aer, agus tá na píosaí is fearr a craoladh i rith na seachtaine tugtha le chéile in aon chlár amháin maidin Dé Sathairn le "Rogha na Seachtaine".
Leis an méid sin á dhéanamh tá dúshláin agus deiseanna amach roimh Raidió na Gaeltachta. Céard iad? I dtaobh na dúshláin atá amach romhainn, tá roinnt mhaith acu ann ach tá deiseanna ann a chuirfidh ar ár gcumas an tseirbhís a láidriú agus freastal níos fearr ar an bpobal. Beidh forbairt le déanamh i réimsí éagsúla ar nós tallann nua a fhorbairt, branda agus íomhá na seirbhíse, an méid a dhéanann muid ar líne agus sna meáin shóisialta, réimsí eile cláir, cur leis an leibhéal maoinithe atá ar fáil, tacú leis an earnáil léirithe neamhspleách, agus RTÉ Raidió na Gaeltachta a chur chun cinn agus a chosaint mar thearmann don Ghaeilge. Tá foireann chumasach agus fhuinniúil ag obair i Raidió na Gaeltachta a oibríonn go dian dícheallach ar son lucht éisteachta a bhraitheann go bhfuil úinéireacht aige ar an raidió agus le chéile is féidir le Raidió na Gaeltachta cur leis an méid atá á bhaint amach againn.
Tá athruithe radacacha ag tarlú in RTÉ trí chéile, agus é i gceist go leor eile a bhaint amach san am atá le teacht. Mar chuid den obair sin, beifear ag cothú agus ag cruthú deiseanna páirtnéireachta agus comhoibrithe taobh istigh den eagraíocht le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Leanfaidh an raidió ar aghaidh ag cur seirbhís d’ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge agus é mar eiseamláir do chraoltóireacht na Gaeilge. Glacaim buíochas leis an gcoiste thar cheann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ as an méid suime atá léirithe aige i dtodhchaí agus i ról na seirbhíse agus as ucht an deis a thabhairt dúinn teacht isteach agus é a phlé leis.
No comments