Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 October 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta
4:00 pm
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Ó bunaíodh an stáisiúin, tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag iarraidh go bhfuil daoine ag oibriú as na stúideoanna agus as na hoifigí atá againn i mBaile na nGall, i gConamara agus sna Doirí Beaga agus tá méid áirithe daoine ag obair i mBaile Átha Cliath freisin. Níor chleacht Raidió na Gaeltachta riamh tuairisceoirí a lonnú in aon cheann de na ceantair Gaeltachta nach raibh ag obair sna stúideo nó sna hoifigí atá againn. Tá roinnt saoririseoirí amuigh ansin a bhíonn ag soláthar ábhair dúinn agus tá siad scaipthe ar fud na tíre, ní hamháin sna ceantair Ghaeltachta ach tá go leor acu sa Rinn, i gCiarraí theas agus i Maigh Eo a bhíonn ag déanamh teagmháil go rialta leis an raidió agus a chuireann iriseoirí na seirbhíse ar an eolas faoi chéard atá ag tarlú ach chomh maith leis sin tá iriseoirí againn féin ag dul amach chuig na pobail sin chomh maith. Luaigh mé níos luaithe na cláracha irise a théann amach ag déanamh craoltaí seachtracha. Tá an-cheangal agus an-aithne ag iriseoirí Raidió na Gaeltachta ar na pobail áitiúla sin, cibé áit ina bhfuil siad sna ceantair Gaeltachta. Sin an modus operandiatá againn.
No comments