Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 October 2018
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
B'shin an cheist agus b'shin an fáth a mbeidh mé ag treabhadh ar aghaidh maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus na rudaí atá i gceist leis. Mar shampla, an tseachtain seo, beidh plé i dtaobh an Bhille fá choinne tionscal na gcon nó an greyhound industry. Bhí siadsan ag déanamh plé faoi cén focal is fearr, agus táim ag treabhadh ar aghaidh faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla agus an t-athrú atá ag teacht. Mar shampla, beidh teideal úr Gaeilge amháin ann, is é sin "rásaíocht chun Éirinn" agus ní bheidh Bord na gCon i gceist amach anseo. B'shin an fáth go mbímid ag leanúint ar aghaidh maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla.
No comments