Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 October 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá maoiniú de €156,000 ceadaithe le haghaidh Foras na Gaeilge, agus tá €93,000 íoctha amach ag an Roinn don fhoras. Tá gealltanas de €270,000 bainte amach ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta, ach níl aon phingin íoctha amach go fóill. Faoin teideal "eile", tá €181,000 ceadaithe le haghaidh Tuismitheoirí na Gaeltachta, ach níl aon airgead íoctha amach faoin scéim sin go fóill. Is é €325,000 an figiúr atá i gceist le haghaidh Ealaín na Gaeltachta, a chlúdaíonn an Crannóg agus an Gaelacadamh, mar shampla. Tá maoiniú de €203,000 i gceist le haghaidh gnóthaí óige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.