Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 October 2018
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion
1:30 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá roinnt ceisteanna agam don Aire Stáit. Ar chuir Údarás na Gaeltachta in iúl dó go bhfuil an méid airgid atá curtha ar fáil don údarás go dáta caite acu? Go deimhin féin, tá an caiteachas sa taobh sin láidir. Tá an cás seo neamhchosúil leis an mhéid a bhí á rá agam ar ball, nach rabhthas in ann an t-airgead a chaitheamh in am. Dá mbeadh breis airgid ar fáil don údarás roimh dheireadh na bliana, an bhféadfadh an t-údarás é a chaitheamh ar thograí caipitil?
No comments