Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 October 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Níor cuireadh é i bhfeidhm. Anois tá gealltanas déanta maidir leis an €178 milliún don bhuiséad caipitil thar na deich mbliana atá romhainn. Tá gealltanas déanta maidir leis sin.

Maidir le pleanáil teanga, bhí an Cathaoirleach ag caint fadúda 2012. Tá an ceart aige. Thug an t-iarTeachta Dinny McGinley, mar Aire Stáit ar a raibh freagracht don Ghaeilge, an Bille isteach ag an am sin. Bhí muidne ag obair go dian ar an phlean sin. Anois táimid ag streachailt chun déileáil leis an éileamh ar an talamh. Is léir go mbeidh an pobal tiomanta don phleanáil teanga fosta. Mar shampla, chas mé le fear ó Ghaoth Dobhair Dé Luain. Tháinig sé isteach sa phost cúpla seachtain ó shin. Tá Gort a' Choirce agus ceantair eile, mar shampla, Cois Fharraige, ag iarraidh agallaimh a chur ar dhaoine. Táim sásta leis na pleananna a bheidh á mbaint amach sna ceantair Ghaeltachta, agus taobh amuigh dóibh freisin má chuirtear na bailte seirbhíse Gaeltachta san áireamh. Dá mbeadh an t-éileamh ann, bheadh an gealltanas ann. Tá an bunlíne anois €2.2 milliún. Beidh sin ina bhunlíne. Sa bhuiséad an tseachtain seo chugainn beimid ag iarraidh airgead breise mar tá an t-éileamh ag ardú. Beidh na daoine uilig ag teacht isteach sna poist, agus b'fhéidir go mbeidh an t-éileamh níos mó an bhliain seo chugainn. Tá an bunlíne sábháilte agus táimid ag dul ar aghaidh ina dhiaidh sin.

Bhí an Cathaoirleach ag caint faoin slat tomhais. Tá slata tomhais difriúla ar fáil maidir leis an nGaeilge. Mar shampla, i leith ceantar láidir Gaeltachta, mar shampla, Gaoth Dobhair nó an Ceathrú Rua, beidh líon na ndaoine a úsáideann an teanga ó lá go lá ina slat tomhais. Is é an slat tomhais líon na ndaoine a úsáideann an teanga agus iad ag dul isteach sa siopa nó go dtí Aifreann. Sin an slat tomhais. Sin an measúnú a fheicfimid ar an talamh. Chomh maith leis sin, is slat tomhais an caidreamh leis an obair atá ag dul ar aghaidh. Mar shampla, inniu bhí lainseáil sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála de thogra idirnáisiúnta ina mbeidh Conradh na Gaeilge ag obair leis an Roinn. Beidh siad ag cur trealaimh agus sonraí ar fáil do dhaoine Éireannacha taobh amuigh den tír.

Tá cuid mhór oibre déanta ó thaobh an chomhoibrithe atá ar fáil maidir leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.