Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

5:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, tá áthas orm go bhfuil aitheantas ann, tar éis ocht mbliana, dul le plean gníomhaíochta. Tá sé sin ceaptha a bheith ann sa chéad bhliain ach is fearr deireanach na go brách. Ar feadh an tsamhraidh gheobhaidh mé deis an plean a léamh agus a chur i gcomparáid leis an straitéis. Is é an argóint a bhí agamsa i gcónaí nó nach raibh an straitéis á cur i bhfeidhm. Tá aitheantas oifigiúil de sin anois i ráiteas an Aire Stáit, agus tá áthas orm go bhfuil an t-aitheantas sin ann, mar níl aon mhaith a bheith ag caint ar straitéisí nua nó ar rud ar bith mura n-aithnímid ar an gcéad dul síos nár cuireadh an straitéis i bhfeidhm ar chor ar bith.

Mar a deirim, nuair a bheidh deis agam an dá phlean, an plean gníomhaíochta seo agus an straitéis, a chur i gcomparáid a chéile thar an samhradh, beidh mé in ann a rá céard fós nach bhfuil á dhéanamh. Cuirfidh mé sa charr anocht é.

Ba mhaith liom dhá cheist agam a chur ar an Aire Stáit. Uimhir a haon ná go raibh dhá rud an-tábhachtach istigh sa straitéis, an chéad ceann go mbeadh Gaeilge ar chuile mhúinteoir bunscoile le go bhféadfaidís í a mhúineadh, mar níl aon mhaith a bheith ag caint faoi mhúineadh na Gaeilge mura bhfuil sí ag na múinteoirí. An dara rud a bhí i gceist ná go mbeadh cáilíocht faoi leith do mhúineadh trí Ghaeilge. Is é sin, le dul amach ag múineadh i nGaelscoil, go gcaithfí cáilíocht faoi leith a bhaint amach, i dtaca le bunscoil nó meánscoil, le go bhféadfaí teagasc trí mheán na Gaeilge. Tá difríocht idir an Ghaeilge a mhúineadh agus a bheith in ann a gcuid oibre uilig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Faraor géar, is fada é ón lá go mbeadh chuile mhúinteoir bunscoile fiú amháin in ann a gcuid oibre fad a dhéanamh trí Ghaeilge. Bhí tráth sa saol ann go bhféadfadh beagnach chuile mhúinteoir sa tír Gaeilge líofa a labhairt, ach ní hamhlaidh atá sé anois.

Céard ata sa phlean gníomhaíochta, i dtaobh na ceiste fíor-bhunúsaí seo? Ní féidir teanga a mhúineadh mura bhfuil sé ag an duine. Ní féidir múineadh trí Ghaeilge mura bhfuil an teanga ag an duine ach oiread.

Maidir leis an dara ceist, an aontódh an tAire Stáit liom go bhfuil an ceart agam nuair a deirim nár caitheadh ar chur i bhfeidhm pleananna teanga i mbliana ach thart ar €300,000 nó €400,000 ar a mhéid? Bhreathnaigh me ar an gceist Dála agus ar an bhfreagra a thug an tAire Stáit. Ní raibh sé iomlán, agus níor fhreagair sé an cheist a chuir mé. Ón méid a bhí mé in ann a thuiscint uaidh, tá thart ar ocht bplean faofa cothrom le dáta. Níl cuid acu sin faofa le fada. Níl daoine fostaithe fós faoi na pleananna sin. An ndeimhneodh an tAire Stáit dom nár caitheadh ar chur i bhfeidhm pleananna teanga i mbliana ach cúpla céad míle euro? An bhfuil an figiúr ag an Aire Stáit?

Maidir leis an €2.7 milliún a bhíonn an Roinn ag lua, sa chuid is mó de níl ansin ach seanscéimeanna atá ag an Roinn ó na 1950idí, i gcásanna. Tá sé sin laghdaithe siar go mór ó 2010 agus go bhfuil an caipín pleanála agus na straitéise 20 bliain curtha air. Níl aon bhaint aige le cur i bhfeidhm pleananna teanga atá réitithe ag na grúpaí pleanála teanga. Fágfaidh mé é aige sin anocht mar dá dtosóinn, bheimis anseo go maidin, agus tá deifir ar an gCathaoirleach, ceapaim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.