Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

5:30 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Díreoimid isteach ar chúpla ábhar faoi leith. Tá géarghá leis an bplean gníomhaíochta mar bhraitheann go leor daoine nach bhfuil an straitéis atá ann fuinneamhach, nach bhfuil sé á chur i bhfeidhm agus nach bhfuil sé ag tabhairt na torthaí gur chóir go mbeadh sé. Tá sé sin soiléir ó na figiúirí a luadh cheana féin agus ón tslí ina bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ag sleamhnú. Go minic nuair a bhíonn daoine nó eagraíochtaí éagsúla ag plé an phlean Gaolainne a bheadh acu, bíonn an líne uafásach sin "de réir mar atá acmhainní ar fáil" istigh ann. Is baolach go bhfaca a leithéid ar leathanach 2 de chur i láthair an Aire Stáit, "de réir mar a thagann deiseanna agus acmhainní breise chun cinn". Ní theastaíonn uainn go mbeadh na pleananna ag brath ar acmhainní. Tá sé práinneach. Má tá stádas na bpleananna Gaolainne agus an gá atá leo aitheanta, ba chóir go mbeadh siad in ann glaoch ar pé acmhainní atá riachtanach agus go mbeadh riachtanais ann iad a chur chun cinn.

Tá ról ceannaireachta an-tábhachtach, ó bhord an Rialtais anuas tríd an gcóras ar fad, chun cúrsaí Gaolainne a chur chun cinn. Feicim i gcaibidil 7 go léiríonn an tAire Stáit an tslí ina theastaíonn uaidh stádas na Gaolainne a bhrú chun cinn, ach nuair a fheicim ar na Ranna, tá rud difriúil i gceist. Bhí an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí os comhair an choiste le déanaí. Chuir sé ionadh orm nuair a dúradh nach raibh aon oifigeach Gaolainne aici. Ba dhuine é sin a bheadh mar cheannaire, ceannródaí nó laoch i measc na Roinne chun cúrsaí Gaolainne a chur chun cinn.

Ní fheadar an bhfuil a fhios ag an Aire Stáit nach bhfuil oifigeach Gaolainne - ceannaire nó ceannródaí sa Roinn chun cúrsaí a chur chun cinn - ag thart ar leath de na Ranna. Ní fheadar an bhfuil sé sin ar eolas ag an Aire Stáit. Ba cheann amháin a chur scanradh orm ná an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá sé luaite againn anseo cheana féin go bhfuil ról an-tábhachtach ag an Roinn sin i leith na luathbhlianta agus tacaíocht a thabhairt do na naíonraí chun cúrsaí a bhrú chun cinn mar is iad an naíonra agus an teaghlach an chéad áit ina thosaíonn daoine ag foghlaim a gcuid Gaolainne. Mura mbíonn an cheannaireacht ansin, tá an cath caillte faoin am a shroicheann páistí an bhunscoil. Tá bearna ann laistigh de na Ranna, mar shampla, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá Ranna eile gan oifigeach Gaeilge, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus beagnach leath de na Ranna eile san áireamh. An bhfuil sé mar ghníomh, nó ar smaoinigh an tAire Stáit ar a leithéid a bheith mar ghníomh, sa phlean seo go mbeadh na hoifigigh sin ann leis an ról ceannaireachta a bhféadfaidís a chur ar fáil? Ar smaoinigh sé ar a leithéid a bheith sa phlean? Ba chóir go mbeadh sé ann.

Bhíodh liúntais ar fáil do mhúinteoirí, do ghardaí agus do dhaoine eile a bhí ag obair agus ag úsaid na Gaolainnne. B'fhéidir go bhfuil sé sin sa phlean. Níl sé feicthe agam, ach an féidir a leithéid, nó an bhfuil sé in aigne an Aire Stáit a leithéid, a chur ar fáil arís do na múinteoirí, gardaí agus daoine eile a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaolainne?

Tá caibidil 1 dírithe ach go háirithe ar an gcóras oideachais mar tá sé chomh tábhachtach. Conas atá an tAire Stáit chun cinntiú go mbeadh múinteoirí ar fáil sna scoileanna a bheadh ábalta gnó a dhéanamh in ábhair cosúil le eolaíocht, fisic, ealaín, ceol agus a leithéid? Tá brú cheana féin ar sholáthar múinteoirí sna hábhair sin ní hamháin i scoileanna Gaeltachta ach i ngach scoil.

I fisic, mar shampla, níl fiú deichniúr ag foghlaim le bheith ina múinteoirí. Conas atá an tAire Stáit chun cinntiú go mbeidh na múinteoirí sin ar fáil? Táimid tar éis é a rá arís agus arís eile leis an Aire Oideachais agus Scileanna ach caithfear é a chur ina luí air. Conas a bheidh a leithéid déanta? Sara bhfágaim an oideachas, tá an polasaí oideachais tugtha chun cinn agus is céim mhór dearfach é sin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do sin.

Maidir leis an Gaeltacht, luaigh an tAire Stáit scéim na bóithre áise. Is dóigh liom gur scéim an-mhaith a bhí ann. An féidir leis an tAire Stáit a shoiléiriú go díreach cad é an plean ansin? Tá gá leis, agus an féidir a leithéid a chur ar fáil?

Tagraím don pleanáil teanga. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil go leor ann leis an €2.6 milliún an bliain seo chugainn agus ins na blianta romhainn, nó an féidir a chinntiú go mbeidh go leor airgead, chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm? Tá na pobail Gaeltachta tagtha le chéile, tá an-chuid obair déanta acu, agus má tá an tAire Stáit chun an dea-thoil sin a bhrú ar aghaidh, caithfidh sé a chinntiú go gcuirfí na pleananna sin i bhfeidhm.

Ní raibh scéim na cúntóirí teanga ar fáil i right na bliana ar fad agus tá gá leis. Go gairid nuair a thagann páistí isteach sa scoil i mí Mhéan Fómhair, bíonn strus go leor ann dóibh ag tosnú agus ag teacht i dtaithí ar an seomra ranga, an córas agus gach aon rud. Ba chóir go mbeadh scéim na cúntóirí teanga ar fáil dóibh ó thús agus tríd na bliana ar fad. An féídir a chinntiú sa phlean seo agus sna pleananna eile go mbeidh a leithéid ann?

Fileann an ceist seo ar an bpointe a bhí á dhéanamh agam mar gheall an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an teaghlach. I gcaibidil 3 luaitear an luathoideachas. An féidir a chinntiú go mbeidh an cigireacht agus ról an Roinn, Tusla agus a leithéid ar fáil as Gaolainn? Nuair a thagann cigirí isteach agus iad ag déanamh a gcuid gnó as Béarla os comhair na páistí, léiríonn sé sin go díreach dearcadh an Stáit agus seolann sé an teachtaireacht mícheart ar fad chuig na páistí sa naíonra nuair a fheiceann siad go mbíonn siad féin ag déanamh a ghnó as Gaolainn ach tagann an Státchóras isteach agus is Béarla ar fad atá ann. Ba chóir go mbeadh na cigireacht sin ar fáil as Gaolainn agus ba chóir go mbeadh an ceannaireacht sin ann san Roinn sin agus sna Ranna eile chomh maith nach bhfuil oifigeach Gaolainn ar fáil acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.