Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

5:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom teacht ar ais ar cúpla rud, más féidir liom. Táimid ag caint faoi na bailte seirbhíse agus na pleananna teanga ó am an iar-Theachta Dinny McGinley in 2013. Is é sin cé chomh tábhachtach is atá sé go mba cheart go mbeadh brú ama ar an Rialtas agus ar an Roinn mar gheall ar na rudaí seo. Maidir leis na sruthanna Gaeilge sna scoileanna, tá siad chomh hannamh le fiacail circe, i ndáiríre.

Ag díriú isteach ar an bplean, nuair a théann duine thart timpeall an Gaeltacht - tá an t-eolas seo ag an Aire Stáit faoin bpointe seo - tugann sé nó sí faoi deara go bhfuil go leor de na páistí ag freastal ar naíonraí agus ar naíolanna, agus is é seo an chéad chéim atá ann ó thaobh cúrsaí oideachais de. Sa Ghaeltacht tá 54% de na páistí ag freastal ar naíonraí agus ar naíolanna a reáchtáiltear go hiomlán i mBéarla. Tá sé seo dochreidte. Cén fáth nach bhfuil aon rud sa phlean ar nós córas aitheantais chun go mbeidh siadsan aitheanta mar naíonra no naíolann Ghaeltachta, cosúil leis an bplean iontach maith atá ann le haghaidh scoileanna, is é sin an scéim aitheantais le haghaidh scoileanna sa Ghaeltacht? Chabhródh sé seo go mór le páistí istigh sa Ghaeltacht mar go mbeidh siad ag tosú sa chéad chéim agus ag cur aithne ar a chéile ina dteanga dhúchais.

Cén fáth nach bhfuil an Ghaeilge sa chlár early childhood care and education, ECCE, mar ábhar iomlán curaclaim? Cén fáth nach bhfuil na daoine atá ag obair i gcúram leanaí, sna hionaid sin, ag fáil teagasc i nGaeilge, chun go mbeidh siad in ann an seirbhí a chur ar fáil, ní hamháin sa Ghaeltacht, ach go forleathan thart timpeall na tíre? Más céim oideachais atá ann anois sa naíonra agus sa naíolann, ba cheart go mbeadh siad ag obair leis na rialacha céanna. Ní bheadh aon duine ag smaoineamh faoi mhúinteoir a bheith san Uaimh nó i Leitir Ceannainn nach bhfuil aon Ghaeilge acu, ach táimid sásta fós go mbeadh múinteoir istigh san ionad cúraim leanaí agus ag déileáil le páistí ón nGaeltacht nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Cén fáth nach bhfuil sé sin ann?

Tá rud a bhfuil sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nach bhfuil ann sa phlean seo freisin. B'fhéidir gur fhreagair an tAire Stáit é seo ach níor chuala mé é. Deirtear sa straitéis go mba cheart go mbeadh deis ag gach páiste sa tír tumoideachas lán-Ghaeilge a fháil agus cúpla ábhar a dhéanamh go h-iomlán as Gaeilge freisin. Má bheadh siad ag déanamh ealaín nó corpoideachas nó rudaí cosúil leis sin, bhead siadsan go h-iomlán i nGaeilge.

Is iad na céimeanna mhóra a bheadh ag déanamh difear iomlán don scéal, dá mbeadh muid ag caint faoi sin, ach níl siad ann agus is mór an trua sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.