Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

5:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Táim buíoch as an gcuireadh agus gabhaim buíochas don Chathaoirleach fá choinne an comhrá neamhfhoirmiúil agus foirmiúil istigh sa Dáil roimh an bplean gníomhaíochta a lainseáil, agus gabhaim buíochas chomh maith fá choinne an brú agus an cuidiú. Mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, tá lúcháir orm an deis seo a fháil chun léargas a thabhairt faoin phlean gníomhaíochta 2018-2022 d'fheidmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a sheol mé go hoifigiúil thar ceann an Rialtais ar 29 Meitheamh i nGaoth Dobhair.

Os rud é gurb ionann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus polasaí an Stáit i Ieith na Gaeilge, tá úinéireacht tras-rannach ag an straitéis agus baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm, dá réir, le raon Ranna, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. De thoradh próiseas comhairliúcháin poiblí a d'eagraigh mo Roinn faoin ábhar, aithníodh an gá le plean a chur i dtoil a chéile a dhéanfadh treisiú ar an gcaoi a raibh an straitéis á cur i bhfeidhm go dtí seo ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndeireadh báire. Is é an plean seo toradh an phróisis sin agus toradh an phlé a rinne mo Roinn ar a bhfuil an fhreagracht fhoriomlán as comhordú a dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise le raon Ranna, forais agus eagraíochtaí ábhartha le tamall anuas. Tugtar léargas sa phlean ar an méid atá déanta ó fhoilsíodh an straitéis mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi Ieith a leagtar amach inti: oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach ag cur na teanga ar aghaidh, idirghabháil go luath, riarachán, seirbhísí agus pobal, na meáin agus an teicneolaíocht, foclóirí, reachtaíocht agus stádas, saol eacnamaíochta agus tionscnaimh leathana.

Thar aon ní eile, is ar an tréimhse cúig bliana romhainn atá an bhéim sa phlean, agus leagtar amach ann, dá réir, an méid atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse go 2022 chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh. Ag croílár an phlean, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Maidir le gach beart, a bhfuil breis agus 180 díobh ann, luaitear go sonrach an méid atá beartaithe a dhéanamh, na páirtithe a bheidh freagrach as feidhmiú na mbeart, agus an tráthchlár a bhainfidh lena bhfeidhmiú. Déantar cur síos ann chomh maith ar an chur chuige úr a bheidh i bhfeidhm maidir le cúrsaí monatóireachta, ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar an chomhphairtíocht agus ar an chomhúinéireacht is gá a bheith ann go tréan chun go mbeidh rath ar an phlean trí chéile.

Os rud é gurb é feidhmiú na mbeart atá ag croílár an phlean, tá béim faoi Ieith ar chur chuige trédhearcach agus cuntasach faoina mbeidh an dúshlán agus an deis tugtha do na páirtithe leasmhara chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na mbeart comhaontaithe agus tuairisc ina Ieith sin a chur ar fáil. Aithnítear sa phlean gur i gcomhthéacs polasaithe ábhartha eile a chuirfear i bhfeidhm é, lena n-airítear: An Plean Forbartha Naisiúnta 2018-2027, an plean gníomhaíochta d'fhorbairt tuaithe agus clár Éire lldánach 2017-2022. Agus sin ar fad á chur san áireamh, ní call a rá go mbeifear ag faire amach thar shaolré cúig bliana an phlean ar dheiseanna breise chun cur lena bhfuil ann, de réir mar a thagann deiseanna agus acmhainní breise chun cinn.

Is é príomhaidhm an phlean gníomhaíochta seo na tosaíochtaí sonracha straitéiseacha a shainaithint i Ieith chur chun cinn na Gaeilge agus cuspóirí sonracha na straitéise a bhaint amach do na chéad chúig bliana eile amach romhainn. I measc phríomhaidhmeanna agus phríomhchuspóirí an phlean gníomhaíochta tá creat níos comhtháite agus níos cuimsithí á chur ar fáil a thacóidh le cur i bhfeidhm na straitéise, a bheidh dírithe ar ghníomhaíochtaí a bhfuil am sonrach ag baint leo, agus a chuirfear i bhfeidhm sna cúig bliana atá le teacht go 2022. Tá rannphairtíocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí le cuspóirí foriomlána Rialtais i Ieith na Gaeilge á chothú i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ag leibhéal na Roinne, eagraíochtaí neamhrialtais agus pobail. Tá forbairt bhreise á dhéanamh ar chomhúinéireacht, chomhfhreagracht agus chuntasacht tras-Rialtais agus ag leibhéal gníomhaireachta agus eagraíochta neamhrialtais i dtaca leis an straitéis agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta. Faoi dheireadh, tá tuiscint agus ceangal níos fearr á chur chun cinn idir pleananna oibre gníomhaireachtaí, eagraíochtaí ábhartha, an plean gníomhaíochta agus, da réir, an straitéis uileghabhálach 20 bliain.

Ach an oiread leis an phróiseas pleanála teanga, le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus le raon leathan clár, scéimeanna agus tionscnamh atá á riar i gcaitheamh an ama ag páirtithe leasmhara atá dlúthbhainteach le feidhmiú na straitéise, is é spiorad na meithle atá ag croílár an scéil. Mar atá luaite agam roimhe seo, dá mhéad a aithnítear agus a chothaítear an chomhphairtíocht agus an chomhúinéireacht sin a bhfuil an plean gníomhaíochta tógtha orthu is ea is fearr a éireoidh lenár gcuid iarrachtaí ar fad. Mar atá luaite agam sa phlean féin agus ó shin, is mian liom an deis seo a thapú, agus mé i gcuideachta an choiste anseo inniu, mo bhuíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe Rialtais sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, sa Roinn Oideachais agus Scileanna, sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as a gcomhoibriú sa chúram seo. Ba mhaith liom an deis a thapú chomh maith chun mo bhuíochas féin agus buíochas mo Roinne a ghabháil freisin le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.