Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:55 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Chomh maith leis sin, thug an Coimisinéir Teanga an-chúnamh dúinn le go leor dár gcuid ábhar atá ann, mar ní líonfadh muid na hionaid aonair i mBéarla, agus fanfadh muid go gcoinneodh muid in áit éigin é. Ní chuirfeadh muid aon ábhar ar fáil i mBéarla ar chor ar bith, do thuismitheoir, do mhúinteoirí ná do pháistí, agus fanfadh muid go dtí go dtiocfadh muid air nó go n-aistreodh muid féin é. Fuair muid cuid mhaith cúnaimh ó Oifig an Choimisinéara Teanga le cuid de na hacmhainní a bhí uainn a fháil.

Is é an rud is measa faoi ná go bhfaigheadh duine rud i mbliana, ach bheadh an duine ar ais arís ar a ghlúine á iarraidh an chéad bhliain eile agus an chéad bhliain eile, mar níl polasaí ann.

Níl mise ag rá go bhfuil aon phráinn leis an teanga, ach níl an polasaí ann le go mbeadh rud a chaithfear a bheith ag muintir na Gaeltachta nó ag muintir na Gaeilge nó pé rud é féin le fáil go furasta agus nach mbeadh sé á iarraidh. Is é an rud a ghoileann ormsa mar bhainisteoir ar an eagraíocht ina haonar ná a bheith ag iarraidh go síoraí nuair a chreidim gur de ceart é go mbeadh ár gcuid ábhar agus seirbhísí ar fáil dúinn trí Ghaeilge, go mbeadh seirbhís Ghaeilge ar fáil do phobal na Gaeltachta leis an nGaeilge, ár gcéad teanga, agus go bhfaighimid iad sin gan cheist. Tá an-tábhacht leis na focail sin: gan cheist. Tá i bhfad an iomarca ceisteanna ann. Tá freagraí faighte againn, tá na ceisteanna againn, ag an gcomhlacht, agus tá siad curtha. Mar a deir mé, ní dheachamar ar chúla téarmaí nuair a chuamar go dtí an Coimisinéir Teanga. D'inis muid go hoscailte gur muid a bhí ann agus céard a bhí uainn. Fuaireamar roinnt ábhar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.