Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:55 pm

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh:

Níl. Freastalaíonn an chuid is mó de ghasúir Ráth Chairn ar bhunscoil Ráth Chairn. Tá scoil bheag lasmuigh den Ghaeltacht i gCill Bhríde agus téann siad aige sin. Is scoil Bhéarla é sin. Nuair a thagann siad ag an meánscoil, tá fadhbanna againn muintir na Gaeltachta a choinneáil ag an meánscoil atá i Ráth Chairn. Seans go mbaineann sé le hoideachas. De réir taighde, má théann cailín ag scoil le cailíní eile, déanann siad níos fearr ná dul ag scoil mheasctha, agus is scoil mheasctha an scoil i Ráth Chairn. Is é sin fáth amháin, b'fhéidir, go bhfuil daoine ag dul lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá plé á dhéanamh ar an gceist seo nuair a bhíonn muid ag labhairt faoi pleananna teanga agus tá fáthanna eile ann freisin. Tá fadhbanna againn i Ráth Chairn múinteoirí a fháil atá in ann oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sa scoil sin. Tá daoine a bhfuil d’acmhainní acu a gcuid ngasúr a chur chuig Coláiste Eoin nó Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath mar is trí Ghaeilge ar fad a dhéantar an scolaíocht ansin. Tá na fadhbanna sin ann freisin. Tá muidne i Ráth Chairn buailte le Baile Átha Cliath, agus bainimid úsáid as an gcathair ach ní chabhraíonn sé sin leis an nGaeltacht bheag atá againn.

Ba mhaith liom aontú le han-chuid a dúirt Bean Ruiséal ansin. Mothaíonn daoine bagairt ó thaobh na Gaeilge de. Tá bagairt eile i gceist nach mbaineann seachas an bagairt a luadh an Teachta Ó Cuív. Ceapann daoine eile go bhfuil éirí in airde i gceist leis an nGaeilge agus go bhfuil postúlacht i gceist leis. Mothaíonn siad go bhfuil daoine ag bagairt ar dhaoine eile go gcaithfidh siad an Ghaeilge a labhairt agus nach bhfuil sé féaráilte. Tá fadhbanna éagsúla ag Ráth Chairn toisc an áit a bhfuilimid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.