Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé sin thar a bheith spéisiúil mar tá fadhb sa Dáil anseo má labhraíonn duine Gaeilge. Diúltaíonn go leor de na Teachtaí Dála nach bhfuil Gaeilge acu na cluasáin a úsáid. Téann na Teachtaí céanna anonn go dtí an Bhruiséil, gabhann siad isteach sna cruinnithe agus ní thuigeann siad Slóvaicis nó Seicis nó na teangacha sin uilig. Rud a thug mise faoi deara a tharla nuair a bhíodh mise ag dul ann - ní raibh mé an oiread sin amanna ann ach bhí mé ann réasúnta minic - ná go labhródh chuile dhuine ina dteangacha féin ar maidin agus tráthnóna labhródh na Beilgigh agus na Francaigh i bhFraincis agus labhródh chuile dhuine eile i mBéarla. Ar maidin bhí an rud ar fáil i chuile teanga agus dá bharr d'úsáid mise i gcónaí an Ghaeilge. Ghlac chuile dhuine leis gur chuir siad na cluasáin orthu. Is Juncker is lú a chuirfeadh iontas ar dhuine a bheith ag labhairt teanga nár thuig sé agus a d'úsáidfeadh na cluasáin. Baineann an meon aisteach seo le hÉirinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.