Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
5:45 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Sin é an fáth a luaigh mé é agus an Teachta Dála Aindrias Moynihan freisin agus nuair a chuir mé an ceist, an dream a bhí ag caint liom, bhí Gaeilge acu, bhí Gaeilge ó dhúchais ag tuismitheoir amháin ach an rud a bhraith siad ar an talamh ná go raibh idirdhealú á dhéanamh, ní ar thréimhse gairid ach ní raibh deis ag na gasúir teacht le chéile.
No comments