Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
5:45 pm
Ms Orlaith Ruiséal:
Is rud an-dheimhin é. Tá sé comh deimhin nach féidir fiú amháin é a míniú i gceart. Cuimhnigh ar an méad daoine a chuala sibh ag rá "you speak Irish, I would love to to be able to speak Irish" agus an-mhinic bíonn fonn orm a rá "Bhuel, téir agus foghlaim í, níl sé comh deacair sin". Ba bhreá liomsa Mount Everest a dhreapadh ach ní tharlóidh sé go deo mar tá sé ábhairín níos deacra. Is rud an-dheimhin é. Teastaíonn ó a lán Éireannaigh an teanga a labhairt ach tá fadhb leis an gcur chuige. Tá sé comh deimhin níl a fhios agam cá háit chun tosnú leis i ndáiríre.
No comments