Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:45 pm

Ms Orlaith Ruiséal:

Is dócha go bhfuil an-bhaint aige le dlús chomh maith. Braitheann sé ó bhliain go bliain ar an méad cainteoirí dúchasacha a thagann isteach. Bhí blianta áirithe a bhí go hiontach ar fad, bhí an nósmhaireacht bunaithe acu agus tá siad fós ag labhairt le chéile as Gaolainn, ach braitheann sé. Má bhíonn 20 leanbh agus má bhíonn 18 cainteoirí dúchasacha ann beidh an-bhliain ann ach má bhíonn bliain ann le 20 leanbh agus nach bhfuil ach ceathrar cainteoirí dúchasacha ann, beidh bliain an-deacair ann i ndáiríre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.