Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:45 pm

Ms Orlaith Ruiséal:

Ba mhaith liom é seo a fhreagairt ar bhonn pearsanta agus ní ar son Comhar Naíonraí na Gaeltachta mar tá mé ag plé le cúrsaí Gaolainne ar an talamh sa phobal le blianta fada agus tá mé ag obair mar chomhordaitheoir ar scéim pleanála teanga darbh ainm Tús Maith. Is dóigh liom gur ceist mhór, ghroí, chasta í seo atá lán go barra de mhothúcháin agus níl a fhios agam an bhféadfadh aon Rialtas é a chur ina cheart i ndáiríre mar muna bhfuil daoine sásta suí síos agus comhrá ionraic a bheith acu mar gheall ar cá bhfuil siad agus cad atá ar siúl acu. Ó mo thaithí féin, tá an-chuid daoine amuigh ansin atá ag obair ó a naoi go dtí a cúig, tá Gaolainn líofa acu féin, is cainteoirí dúchais iad, b'fhéidir go bhfuil siad ag feighlí linbh go bhfuil Gaolainn acu, b'fhéidir nach bhfuil. Ina gcroíthe istigh, tá siad ag tógáil a leanaí le Gaolainn, ach níl i ndáiríre mar ní fheiceann siad na leanaí. Tagann siad isteach, deireann siad gur cainteoirí dúchasacha na leanaí, cé nach bhfuil na leanaí ag labhairt puinn Gaolainn in aon chor. Istigh ina gcroíthe, teastaíonn uathu go mbeidís ag labhairt Gaeilge, tá siad ag déanamh na hiarrachta is mó gur féidir leo go mbeidís ach ní tharlaíonn sé so tá ceist mór millteach anseo dúinn féin le freagairt mar dhaoine. Cá bhfuilimid agus cá bhfuilimid ag imeacht? An féidir linne ar mhaithe leis an teanga, gan a bheith comh tógálach agus a admháil nach cainteoir dúchas mo leanbh mar ní tchím mo leanbh agus níl Gaolainn ag mo leanbh agus caithfidh mé é sin a rá don naíonra, toisc go dteastaíonn uaim istigh i mo chroí go mbeidis mar chainteoirí dúchais? Ansin tá an dainséar ann go mbeidh an leanbh gur cainteoirí dúchais é nó í thíos leis mar tá an meascán ann. Tá an rud ar fad chomh casta agus ón méid a tchímse, tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag iarraidh imeacht i ngleic chomh mór agus is féidir leo ach b'fhéidir go bhfuil daoine ag déanamh níos mó díobháil don teanga toisc go mbraitheann siad comh láidir mar gheall ar go dteastaíonn uathu go mbeadh a leanaí mar chainteoirí dúchais nuair nach cainteoirí dúchais iad. Tá an rud ar fad comh casta but bá bhreá liom dá bhféadfaimis, mar Stát, tús a chur le comhrá ionraic mar gheall air seo agus stop a chur leis an gcur i gcéill seo agus ligint do na daoine atá ag déanamh an rud seo i gceart, scaoileadh leo agus tabhairt faoi ach níl a fhios agam. Ón méid a tchím, tá sé ag imeacht ar aghaidh agus ar aghaidh agus níl a fhios agam cad é an réiteach a bheidh air i ndáiríre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.