Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:35 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí dhá cheist agam. Theastaigh uaim filleadh ar an ábhar sin mar gheall ar na cainteoirí meascaithe agus táim sásta leis an gcomhrá ansin le cúpla nóiméad anuas, go bhfuil an freagra faighte agam. An t-ábhar eile gur theastaigh uaim filleadh ar ná an foireann. Luaigh an finné go raibh an líon céanna daoine ann agus a bhí i 2014. An bhfuil an Comhar Naíonraí neamhspleách ar an údarás anois nó an bhfuil orthu dul chuig an údarás ag lorg cead i gcomhar foireann breise? Cá bhfuil an srian maidir leis an líon daoine atá acu? An é chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nó chuig an údarás nó cad ina thaobh go bhfuil an uimhir céanna agus cad é an nasc anois leis an údarás?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.