Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:15 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Ó thaobh FETAC, bhí lá ann ina raibh dhá mhodúl Gaeilge - sochtheangeolaíocht agus an páiste, agus saibhriú na Gaeilge. Cuireadh an dá mhodúl sin le chéile go háitiúil ag grúpa saineolaithe agus ghlac FETAC leo. Níl siad ann ó d'athraigh an comhlacht go QQI. Ba é an míniúchán a thug QQI nuair a phléigh muid é ná nach raibh dóthain daoine ag déanamh na modúil agus nach raibh dóthain éilimh orthu. D'imigh an dá mhodúl sin. Caithfear díriú isteach ar mhodúil Ghaeilge a dhéanamh arís ó thaobh saibhrithe agus sealbhaithe teanga sna ceantair Ghaeltachta. Tá práinn leis sin. Caithfidh é sin a bheith ann go náisiúnta chomh maith. Bhí modúl ann i leith feidhmiú trí Ghaeilge nó rud éicint, ach deineadh páistí ocht mbliana d'aois é sin. Ní shin atá i gceist agam. Is é an rud atá i gceist ná go mbeifí ag díriú ar shealbhú agus ar shaibhriú teanga - an rud a bhí ann. Tá sé sin ag teastáil. Caithfear é sin a chur ar ais ar an gclár arís ar bhealach amháin ná ar bhealach eile, fiú mura bhfuil mórán éilimh air. Ó thaobh na seirbhísí s'againne, cuireadh cáilíocht ar chuile duine ar dtús agus bhí na modúil sin á ndéanamh ag an am sin. Anois tá na cáilíochtaí bainte amach. B'fhéidir nach mbeadh ach 20 nó deichniúr sa bhliain ag déanamh na modúil ach is cuma. Ba chóir go mbreathnófar air sin agus go mbeadh sé sin ar fáil. Tá práinn agus tábhacht le go mbeadh sé sin ar fáil agus le go mbeadh ardchaighdeán ann ó thaobh saibhrithe agus sealbhaithe teanga sna ceantair Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.