Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
4:35 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas do na finnéithe as an gcur i láthair cuimsitheach. Tá an-chuid eolais ann. Tá jab an-mhór á dhéanamh mar braithim féin i gcónaí, nuair a thagann na leaids isteach sa bhunscoil tá an cath caite cheana féin. Is roimhe sin sa bhaile agus ag na naíonraí atá an jab is tábhachtaí i gcomhair an Gaelainne a thabhairt chun cinn agus tá ról an-tábhachtach ann. Tá cúpla pointe ansin a theastaíonn uaim díriú isteach orthu agus beidh mé ar ais arís ar ball le breis ceisteanna. Deirtear go bhfuil an foireann céanna ag an Uasal Mhic Donncha thart ar an méid daoine a bhí aici i 2004, ab ea?
No comments