Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:15 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

B'shin an chaoi i gcónaí. Bíonn coistí eile ar siúl agus an Dáil agus bíonn sé deacair. Tagann na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí agus imíonn siad. I dtosach báire tá rud amháin le déanamh agam i gcónaí maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Ní mór dom é a léamh amach, tá sé deacair agus tá sé mar a leanas. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil finnéithe, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, ina hainm, nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

B'shin mo chuid déanta agus ní mór dom é sin a dhéanamh agus a rá libh a bheith cúramach. Ba mhaith liom anois céad míle fáilte a chur romhaibh. Bhí an t-Ionad Tacaíochta Teaghlaigh as Indreabhán i gConamara anseo roimhe seo agus bhíomar ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil ar na fadhbanna agus na rudaí dearfacha atá ag tarlú ar an talamh. Cheap me gurb é seo an cruinniú deireanach inniu ach beidh cruinniú eile againn, de réir mar a thuigim, an tseachtain seo chugainn agus ansin beidh sos againn go léir don samhradh.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na daoine agus na heagraíochtaí seo a leanas: as Comhairle Naíonra na Gaeltachta, an tUasal Mairéad Mac Con Iomaire, bainisteoir, agus an tUasal Ray Mac Pháidín, bainisteoir airgeadais; an tUasal Eithne Mhic Fhionnlaoich as Seirbhís Luathbhlianta na nDoirí Beaga; an tUasal Mairéad Mhic Dhonncha as Seirbhís Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua; agus an tUasal Orlaith Ruiséal, Seirbhís ITT, Ionad Cúram Leanaí Bhaile ‘n Fheirtéaraigh. Chomh maith leis sin, táimid ar ais arís i Ráth Chairn, áit a bhíomar ann is dócha coicís ó shin, agus tá fáilte roimh na finnéithe as sin freisin. Níl a fhios agam cé tá díreach os mo chomhair ó Ráth Chairn. B'fhéidir go bhféadfadh sibh bhur n-ainmneacha a lua, le bhur dtoil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.